[go: up one dir, main page]

Jump to content

Sloinne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is sloinne ann ná cuid d'ainm duine a úsáidtear i gcultúir áirithe chun muintir, pobal nó treibh an duine a léiriú.

Nósanna cultúr éagsúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna teangacha Gaelacha agus i ndomhan an Bhéarla araon, tagann an sloinne i ndiaidh túsainm duine, agus tugann clann leo sloinne a athar de ghnáth. I dteangacha áirithe, an Ghaeilge san áireamh, bíonn leagan difriúil den sloinne ar iníon ná an ceann a bheadh ar mhac. Chomh maith leis sin, tá nós ann in go leor cultúr Eorpach go nglacann bean phósta sloinne a fhir chéile - b'fhéidir leagan difriúil de, mar a tharlaíos sa nGaeilge, nó an sloinne nua in éineacht lena sloinne breithe - ach tá an cleachtadh seo ag dul i léig beagán le blianta anuas. Ina lán teangacha san Áise, agus i gcodanna den Eoraip is den Afraic, cuirtear an sloinne i dtús ainm duine.

In áiteanna mar a labhraítear an Spáinnisan Phortaingéilis, faigheann leanbh sloinne a athar agus a mhátharsa de ghnáth. Feictear sloinnte dúbailte (nó sloinnte le níos mó codanna) i dteangacha eile freisin: sa mBéarla, mar shampla, is minic a léiríos siad uaisleacht, ar nós "Charles Mountbatten-Windsor", ainm iomlán Shéarlais III. Sa nGaeilge, is féidir ainmfhocal firinscneach a dhéanamh de go leor sloinnte trí -(e)ach a chur mar fhoirceann leis an mbunús, agus moltar é seo a dhéanamh leis an gcéad chuid de shloinne dúbailte.

Sloinnte Gaeilge

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Liostaigh an tAthair Pádraig de Bhulbh ceithre shaghas déag nó sé shaghas déag de shloinnte atá le fáil sa nGaeilge.[1] Seo iad iad:

I. Sloinnte dar tús Ó/Ua (ar brí leis 'garmhac'; ginideach agus foirm mhná pósta: Uí; foirm mhná neamhphósta: Ní), le túsainm Gaeilge sinsir. Is é seo an saghas is sine agus is líonmhaire. M.sh. Ó Briain, Ó Néill.

II. Sloinnte dar tús Ó/Ua (foirmeacha eile: féach thuas), le hainm nach túsainm traidisiúnta Gaeilge é ach ar ainm Lochlannaigh nó cur síos ar Lochlannach é de ghnáth. M.sh. Ó Bruadair, Ó Dubhghaill.

III. Sloinnte dar tús Ó/Ua (foirmeacha eile: féach thuas), le focal a dhéanas cur síos ar an sinsear ach nach é a ainm é. M.sh. Ó Gabhann, Ó hÍceadha.

IV. Sloinnte dar tús Mac nó Mag (ginideach agus foirm mhná pósta: Mhac; foirm mhná neamhphósta: Nic (ó 'iníon mhic'), le hainm traidisiúnta Gaeilge. M.sh. Mac Aodhagáin, Mac Cárthaigh.

V. Sloinnte dar tús Mac nó Mag (foirmeacha eile: féach thuas), le hainm eachtrannach ar ainm Lochlannaigh nó Normannaigh é de ghnáth. M.sh. Mac Íomhair, Mac Fheorais.

VI. Sloinnte dar tús 'a' (ón mBreatnais ab/ap, 'mac'). M.sh. a Paol, a Prís.

VII. Sloinnte dar tús Mac nó Mag (foirmeacha eile: féach thuas) le focal a dhéanas cur síos ar an sinsear ach nach é a ainm é. M.sh. Mac an tSaoir, Mac an Ridire.

VIII. Sloinnte Normannacha a úsáideas ainm an tsinsir gan réamh-mhír ná foirceann ar bith. M.sh. Ruiséal, Bairéad.

IX. Sloinnte ar aidiachtaí iad. M.sh. Bán, Beag.

X. Sloinnte dar críoch -ach, a léiríos áit dhúchais, athair altramais, srl. Faigheann siad séimhiú más bean atá i gceist. M.sh. Breathnach, Caomhánach.

XI. Sloinnte gallda de bhunús áitiúil. M.sh. de Búrca, Céitinn.

XII. Sloinnte gallda a dhéanas cur síos ar an sinsear. M.sh. de Faoit, Aingléis.

XIII. An ginideach d'áit chónaithe an tsinsir, nó de thréithe a bhí aige. M.sh. an Mhachaire, na Bríde.

XIV-XVI. Bealaigh eile le cuid de na sloinnte thuas a rá, m.sh. in ionad "de Búrca", faightear "Búrcach", "an Búrcach", agus "Mac an Bhúrcaigh" faoi seach.

  1. Irish Names and Surnames, Rev Patrick Woulfe