[go: up one dir, main page]

Jump to content

An Fhionlainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Fionlannach)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Fhionlainn
Suomi (fi)
Finland (sv) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Töölö bay (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnMaamme Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«I wish I was in Finland»
«O na bawn yn y Ffindir» Cuir in eagar ar Wikidata
Siombail oifigiúillile na ngleanntán, Betula pendula, béar donn, eala ghlórach, Peirse, bóín Dé sheachtbhallach, eibhear, Finnhorse (en) Aistrigh, Finnish Spitz (en) Aistrigh agus gormán cuilinn Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósFionlannaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 65° N, 27° E / 65°N,27°E / 65; 27

PríomhchathairHeilsincí Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán5,608,218 (2024) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús16.57 hab./km²
DéamainmFionlannach Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan Fhionlainnis
an tSualainnis Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnEvangelical Lutheran Church of Finland (en) Aistrigh agus Eaglais Cheartchreidmheach na Fionlainne Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deFennoscandia (en) Aistrigh
Na Stáit Nordacha
Tuaisceart na hEorpa
an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch
an tAontas Eorpach (1995–) Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla338,478.34 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Bhailt Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeHalti (en) Aistrigh (1,324 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleMuir Bhailt (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síKingdom of Finland (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú6 Nollaig 1917
Eachtra thábhachtach
Saoire phoiblí
ÉarlamhHenry Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht pharlaiminteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na Fionlainne Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint na Fionlainne Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na Fionlainne Cuir in eagar ar WikidataKaarlo Juho Ståhlberg (1919–1925) Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire na Fionlainne Cuir in eagar ar WikidataPetteri Orpo (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Uachtarach na Fionlainne Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil296,387,625,264 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraEuro Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.fi Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+358 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112 agus 116117 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreFI Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSFI Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinfinland.fi Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: 100064833272545 Twitter: thisisFINLAND Instagram: thisisfinlandofficial Cuir in eagar ar Wikidata
Pielinen

Is tír Nordach í an Fhionlainn (Fionlainnis: Suomi, Sualainnis: Finland) nó Poblacht na Fionlainne, mar a thugtar uirthi go hoifigiúil. Tá sí suite i dtuaisceart na hEorpa, idir an tSualainn agus Murascaill Bhotnia ar an taobh thiar, agus an Rúis ar an taobh thoir. Ar an taobh ó thuaidh di tá tuaisceart na hIorua, agus ó dheas tá Murascaill na Fionlainne. Breis-nóta: ní tír Lochlannach í an Fhionlainn, is gnáthbhotún é sin.

Príomhalt: Stair na Fionlainne

Ré na Sualainne

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an tír faoi smacht na Sualainne ar feadh beagnach 700 bliain ón mbliain 1154 i leith. Thosaigh sé seo nuair a thug Rí Eric na Sualainne an Chríostaíocht isteach sa tír. Chuaigh an tSualannais ar aghaidh mar theanga cheannais de réir a chéile, ach tháinig Fionlannais i réim arís sa 19ú hAois, le borradh an náisiúnachais Fhionlannaigh a tháinig ar aghaidh nuair a scríobhadh síos eipic náisiúnta na tíre, an Kalevala.

Bhí cogadh idir an tSualainn agus an Rúis faoin Sár Alastair I, a d'fhág an tír i lámha na Rúise ó 1809 ar aghaidh, agus ceapadh ina hArd-Diúiceacht fhéinrialaithe í i 1812.

Ré Impireacht na Ruise

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba faoin Impireacht na Rúise a d’fhan an tír go dtí Réabhlóid na Rúise, nuair a d’fhógair na Fionlannaigh neamhspleáchas ar an Nollaig 6ú 1917.

Cogadh cathartha agus neamhspleáchas

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lean cogadh cathartha gearr fuilteach é sin i 1918, rud a d'fhág a rian ar an bpolaitíocht áitiúil ar feadh na mblianta. I rith an Dara Chogaidh Dhomhanda, throid an Fhionlainn i gcoinne an Aontais Shóivéadaigh dhá uair: i rith Chogaidh an Gheimhridh (1939-1940) agus ansin ó 1941 go 1944 sa Chogadh a Lean. Lean an Cogadh Lappach é seo (1944-1945), nuair a throid an Fhionlainn i gcoinne Ghearmáin na Naitsithe.

I gconartha a síníodh i 1947 agus i 1948 leis an Aontas Sóivéadach, bhí dualgais agus srianta ar an bhFionlainn maidir leis an A.P.S.S., agus b'éigean don Fhionlainn talamh a thabhairt suas don Rúis. (Féach: An Conradh um Chaidreamh Cairdiúil, Chomhoibriú, agus Chomhchuidiú.)

Mar gheall ar bhriseadh suas an Aontais Shóivéadaigh i 1991, bhí an Fhionlainn in ann a rogha féin a dhéanamh, agus chuaigh an tír isteach san Aontas Eorpach i 1995.

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na mílte loch sa tír, agus Loch Saimaa ar na cinn is mó agus is clúití acu. Amach ón gcósta, tá na mílte oileán. Is iad oileáin Åland, nó Ahvenanmaa, idir an Fhionlainn agus an tSualann, an t-oileánra is mó, agus tá cearta áirithe féinrialaithe acu.

Roinntear an Fhionlainn ina naoi réigiún déag (Fionnlainnis: maakunta, Sualainnis: landskap).

Gaeilge Fionnlainnis Sualainnis Príomhchathair Gníomhaireacht riaracháin
Laplainn na Fionlainne Lappi Lappland Rovaniemi Bardais na Laplainne
An Ostrabóitne Thuaidh Pohjois-Pohjanmaa Norra Österbotten Oulu Tuaisceart na Fionlainne
Kainuu Kainuu Kajanaland Kajaani Tuaisceart na Fionlainne
An Chairéil Thuaidh Pohjois-Karjala Norra Karelen Joensuu Oirthear na Fionlainne
An tSabhóin Thuaidh Pohjois-Savo Norra Savolax Kuopio Oirthear na Fionlainne
An tSabhóin Theas Etelä-Savo Södra Savolax Mikkeli Oirthear na Fionlainne
An Ostrabóitne Theas Etelä-Pohjanmaa Södra Österbotten Seinäjoki Iarthar agus Lár na Fionlainne
Lár na hOstrabóitne Keski-Pohjanmaa Mellersta Österbotten Kokkola Iarthar agus Lár na Fionlainne
An Ostrabóitne Pohjanmaa Österbotten Vaasa Iarthar agus Lár na Fionlainne
Pirkanmaa Pirkanmaa Birkaland Tampere Iarthar agus Lár na Fionlainne
Lár na Fionlainne Keski-Suomi Mellersta Finland Jyväskylä Iarthar agus Lár na Fionlainne
Satakunta Satakunta Satakunta Pori Iardheisceart na Fionlainne
Iardheisceart na Fionlainne Varsinais-Suomi Egentliga Finland Túrcú Iardheisceart na Fionlainne
An Chairéil Theas Etelä-Karjala Södra Karelen Lappeenranta Deisceart na Fionlainne
Päijät-Häme Päijät-Häme Päijänne-Tavastland Lahti Deisceart na Fionlainne
Bun na Tabhastlainne Kanta-Häme Egentliga Tavastland Hämeenlinna Deisceart na Fionlainne
An Nualainn Uusimaa Nyland Heilsincí Deisceart na Fionlainne
Gleann Kymi Kymenlaakso Kymmenedalen Kouvola Deisceart na Fionlainne
Oileáin Åland Ahvenanmaa Åland Mariehamn Åland

Aonaid riaracháin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na bardais (Fionlainnis: kunta; Sualainnis: kommun) bun-aonaid riaracháin na tíre. Tugann roinnt mhaith dóibh bailte no cathracha orthu féin chomh maith. Sa bhliain 2015, bhí 317 bardas ann.

Cathair Léarscáil réigiúnach Daonra
Heilsincí
Bardais (imlínte tanaí) agus réigiúin (imlínte tiubh)
Espoo
Tampere
Vantaa
Oulu
Túrcú
Jyväskylä
Kuopio
Lahti
Kouvola
Pori
Joensuu
Lappeenranta
Hämeenlinna
Vaasa

Déimeagrafaic

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 5.471 milliún duine sa tír, tuairim is 556,330 acu i gcathair Heilsincí agus 1.2 milliún sa mhórchathair. Is í Túrcú in iardheisceart na tíre an dara cathair is mó, agus ba í príomhchathair na tíre í go dtí go ndearna dóiteán mór léirscrios air i dtús na naoú haoise déag. B'ansin a aistríodh an phríomhchathair go Heilsincí.

Meastar go bhfuil aon sauna amháin ann de réir gach triúir sa tír, agus is gnách sauna a bheith i ngach teach nó árasán. Tá tithe saoire ag go leor daoine, go minic sna ceantair cois locha in oirthear na tíre. Tá caighdeán an-ard maireachtála sa tír, agus áirítear córas oideachais na Fionlainne ar an gceann is fearr ar domhan. Tá ríomhairí pearsanta ag 64% de na teaghlaigh, agus ceangal Idirlín ag 51%. Tá gutháin phócaí ag 95% de na teaghlaigh.

Bardais san Fhionlainn:

██  Fionlainnis amháin

██ Dátheangach le Fionlainnis sa tromlach agus Sualannis sa mionlach

██ Dátheangach le Sualannis sa tromlach agus Fhionlainnis sa mionlach

██  Sualainnis amháin

██ Dátheangach le Fhionlainnis sa tromlach agus Sáimis mar theanga mionlach

Labhraíonn 93% den daonra Fionlannais, teanga nach mbaineann leis an ngrúpa Ind-Eorpach. Ceann de na teangacha Finne-Úgracha í. Tá Sualainnis ó dhúchas ag 6% de dhaonra na tíre, agus de ghnáth ní mheastar gur de náisiún eile Sualannaigh na Fionlainne, mar a thugtar orthu. Labhraíonn na Sami nó na Laplaigh teanga Fhinn-Úgrach dá gcuid féin, mar atá Sáimis. Labhraítear Cairéilis in áiteanna éagsúla chomh maith.

Baill den Eaglais Liútaránach is ea 85.1% den daonra de réir uimhreacha na bliana 2000. Baineann thart faoi 1% le hEaglais Cheartchreidmheach na Fionlainne. Baineann fíorbheagán le heaglaisí éagsúla Protastúnacha eile agus leis an gCaitliceachas, agus níl aon cheangal eaglasta ag 9%.

Baineann an chuid is mó de mhuintir na Fionlainne leis an Eaglais Liútaránach. Cuid mhór acu, ní thaobhaíonn siad aon teach pobail ach amháin le féilte móra na bliana a cheiliúradh. Na daoine atá gníomhach san Eaglais, bíonn baint ag a bhformhór le ceann de na gluaiseachtaí athbheochana taobh istigh den Eaglais. Bíonn difríochtaí nach beag idir na gluaiseachtaí seo, agus is ábhar iontais do go leor Fionlannaigh go bhféadfaidís treabhadh le chéile in aon eaglais amháin. Is iad lucht an Chráifeachais, nó Lucht na hAthmhúscailte, an ghluaiseacht is cóngaraí do phríomhshruth na hEaglaise, agus is ar éigean ar féidir iad a aithint mar "lucht creidimh" thar an ngnáth-Fhionlannach nach bhfuil suim aige i gcúrsaí creidimh. Níl siad róchosúil le lucht leanúna Laestadius, ar ghrúpa an-dian iad i gcleachtadh an chreidimh. Gluaiseacht iad lucht leanúna Laestadius atá bunaithe i dtuaisceart na tíre, chomh maith le ceantair thuaisceartacha na Sualainne agus na hIorua. Ainmníodh an ghluaiseacht as Lars Levi Laestadius, eolaí agus ministéir, a chuir go tréan in aghaidh an ólacháin sna ceantair thuaisceartacha agus i measc na Laplannach. Inniu féin, déanann na Laestaidiaigh a ndícheall le hólachán, comhriachtain roimh phósadh agus frithghiniúint a sheachaint. Mar sin, bíonn teaghlaigh móra acu.

Is féidir a rá go bhfuil an Fhionlainnis ann mar theanga scríofa ó chuir Mikael Agricola peann ar phár ar aistrúchán ar an Tiomna Nua sa Reifirméisean Protastúnach. Ní raibh mórán ann ar fiú a luaigh go dtí gur gcuireadh síol le gluaiseacht náisiúnta rómánsaíochta sa 19ú haois. Spreagadh an file Elias Lönnrot chun filíocht tíre Fionlannach agus Cairéalach a bhailiú le chéile, a eagrú agus a fhoilsiú i bhfoirm Kalevala, eipic náisiúnta na tíre. Níorbh fhada go raibh borradh filíochta agus úrscéalaíochta faoi lán seoil - Aleksis Kivi agus Eino Leino sa bFhionlainnis agus Johan Ludvig Runeberg agus Zachris Topelius sa tSualainnis.

Ar na scríbhneoirí comhaimseartha is mó tóir ná Arto Paasilinna, Ilkka Remes, Kari Hotakainen, Sofi Oksanen agus Jari Tervo.

Tá an-cháil ar cheol clasaiceach na Fionlainne, agus clú idirnáisiúnta ar chumadóirí mar Jean Sibelius agus Kaija Saariaho, amhránaithe mar Matti Salminen agus Karita Mattila, agus stiúrthóirí ceoil mar Esa-Pekka Salonen. Tá caisleán Savonlinna suite ar bhruach Loch Saimaa, áit a mbíonn Féile Opera Savonlinna gach bliain.

Cuirtear suim mhór sa phopcheol chomh maith, seánra traidisiúnta a thugtar Iskelmä air ach go háirithe. Tá gean ar leith ag na Fionlainnaigh ar rac-cheol, rac crua, agus miotal trom fiú. Tá slua mór de rac-bhannaí a bhain cáil amach sa tír agus ar fud na cruinne - Hanoi Rocks, HIM, Apocalyptica, Lordi, Korpiklaani, Sentenced, Sonata Arctica, Stratovarius, Turisas, Finntroll agus araile.

Tá cáil ar ailtirí na Fionlainne, freisin, mar shampla Eliel Saarinen, a mhac Eero Saarinen, agus Alvar Aalto.

Paavo Nurmi ag cur tús le Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh sa bhliain 1952

Is é pesäpallo cluiche náisiúnta na Fionlainne. Cluiche liathróide atá ann, agus é an-chosúil le daorchluiche. Ar na gcluichí is mó ó thaobh lucht féachana de ná haca oighir, lúthchleasaíocht, sciáil trastíre, léimneach sciála agus Foirmle a hAon. Ní nach ionadh go bhfuil an-tóir ar spóirt gheimhridh go ginearálta.

Tá an-chuid bainte amach ag lúthchleasaithe na tíre - na reathaithe Hannes Kolehmainen, Paavo Nurmi, Ville Ritola agus Lasse Virén; na léimneoirí sciála Matti Nykänen agus Janne Ahonen; na sciálaithe trastíre Veikko Hakulinen, Eero Mäntyranta, Marja-Liisa Kirvesniemi agus Mika Myllylä; an rámhaí Pertti Karppinen; an gleacaí Heikki Savolainen; na himreoirí haca oighir Kimmo Timonen, Jari Kurri, Teemu Selänne agus Saku Koivu agus na sciálaithe Alpacha Kalle Palander agus Tanja Poutiainen. Chomh maith le sin, tá coirn idirnáisiúnta bainte amach sa scátáil fhíorach.

Bhí an Fhionlainn ina tír aíochta le haghaidh trí ollchomórtas idirnáisiúnta - mar atá Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh sa bhliain 1952 agus Craobhchomórtas Lúthchleasaíochta an Domhain sna blianta 1983 agus 2005.

Tá iomrá ar an Fhionlainn mar thír as a thagann tiománaithe den chéad scoth - Keke Rosberg, Mika Häkkinen, Kimi Räikkönen, JJ Lehto agus Mika Salo i bhFoirmle a hAon agus na tiománaí railí Marcus Grönholm, Mikko Hirvonen, Sebastian Lindholm, Juha Salo, Juha Kankkunen agus Tommi Mäkinen.

sacar ag dul ó neart go neart bliain i ndiaidh bliana chomh maith. Tá sacar imeartha ag peileadóirí na tíre ag leibhéal is airde na hEorpa - Jari Litmanen, Sami Hyypiä, Mikael Forssell, Jussi Jääskeläinen, Antti Niemi, Mixu Paatelainen agus Aki Riihilahti san áireamh. Is í Veikkausliiga (Sualainnis: Tipsligan) an tsraith pheile is airde sa tír.

Cluiche eile atá ag dul i dtreis de réir a chéile ná cispheil. Ghlac foireann idirnáisiúnta na tíre páirt i gCorn Domhanda sa Spáinn sa bhliain 2014.

Is olltáirgeadh náisiúnta na Fionlainne €26,860 in aghaidh an duine, agus é níos airde ná olltáirgeadh na Gearmáine, na Sualainne agus na Ríochta Aontaithe. Sa bhliain 2003, b'olltáirgeadh intíre na Fionlainne €143 billiún ina iomláine, agus d'fhás sé 2.04 % ón mbliain dheireanach roimhe sin.

Tá gnólachtaí móra ríomhaireachta san Fhionlainn, ina measc Nokia. Bhí an sceanra ina tháirge tábhachtach freisin, ach inniu, tá gnólachtaí tábhachtacha sceanra na tíre, ar nós Fiskars i dTampere agus Marttiini, tar éis cuid mhór den obair a aistriú thar lear ar lorg costais níos lú.

Tá bonneagar bóthair d'ardchaighdeán fud fad na Fionlainne agus caitear timpeall aon bhilliún in aghaidh na bliana ar fhorbairt agus cothabháil.

Is é Aerfort Heilsincí príomh-aerfort na tíre, agus 16 milliún duine ag freastal air sa bhliain 2014. Is é Aerfort Oulu an dara ceann is mó, le thart ar scór eile dáilte ar fud na tíre.

Soláthraíonn an comhlacht stáit Grúpa VR (Fionlannis: VR-Yhtymä Oy, Sualainnis: VR-Group Ab) seirbhís iarnróid sa tír.

Forbairt Daonna

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, is í an Fhionlainn an tír is forbartha san Aontas Eorpach ar fad, agus an cúigiú tír is forbartha ar domhan.[1] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar freisin gurb í an Fhionlann an tír is sona ar domhan, as 156 thír a tomhaiseadh.

Ar 4 Aibreán 2023, d'éirigh an Fhionlainn an 31ú ball de ECAT. Tír neodrach ab ea í an Fhionlainn ar feadh blianta fada ach chuir siad an neodracht sin ar leataobh anuraidh nuair a d’fhógair siad go raibh sé i gceist acu ballraíocht a fháil in ECAT, Rinneadh an cinneadh sin mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin.[2]

  1. "| Human Development Reports". hdr.undp.org. Dáta rochtana: 2019-01-28.
  2. "An Fhionlainn ina 31ú ball de NATO i ndiaidh athrú polasaí ‘stairiúil’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-04.