An Ungáir
An Ungáir | |||||
---|---|---|---|---|---|
Magyarország (hu) | |||||
|
|||||
Aintiún | Himnusz | ||||
Mana | «Think Hungary more than expected» «Mwy na'r Disgwyl» | ||||
Ainmnithe in ómós | Onogurs (en) agus Ungáraigh | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Búdaipeist | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 9,599,744 (2023) | ||||
• Dlús | 103.21 hab./km² | ||||
Déamainm | Ungárach | ||||
Teanga oifigiúil | an Ungáiris | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Aontas Eorpach an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch an Eoraip Láir | ||||
Achar dromchla | 93,011.4 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Neusiedl Lake (en) , An Danóib, Ipoly, Tisza, Drava, Lake Balaton (en) agus Rába | ||||
Pointe is airde | Kékes (en) (1,015 m) | ||||
Pointe is ísle | Gyálarét (en) (75.8 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Daon-Phoblacht na hUngáire | ||||
Cruthú | Nollaig 1000 | ||||
Eachtra thábhachtach | Conradh Trianon (4 Meitheamh 1920) | ||||
Saoire phoiblí | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht pharlaiminteach | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na hUngáire | ||||
Comhlacht reachtach | National Assembly (en) | ||||
• Uachtarán na hUngáire | Mátyás Szűrös (1989–1990) | ||||
• Príomh-Aire na hUngáire | Viktor Orbán (2010–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Bhunreachtúil na hUngáire | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 181,848,022,230 $ (2021) | ||||
OTI ainmniúil in aghaidh an duine | 37,128 $ (2021) | ||||
Airgeadra | forint na hUngáire | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .hu | ||||
Glaochód | +36 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 104, 105 agus 107 | ||||
Cód tíre | HU | ||||
Cód NUTS | HU | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | kormany.hu… |
Tír thalamhiata i lár na hEorpa is ea an Ungáir (Ungáiris: Magyarország) agus teorainneacha aici leis an Ostair, an tSlóvaic, an Úcráin, an Rómáin, an tSeirbia, an Chróit agus an tSlóivéin. Maigiaraigh a thugann na hUngáraigh orthu féin, agus is é an t-ainm seo is bun le hainm na tíre féin san Ungáiris agus ina lán teangacha eile sa réigiún.
Tíreolas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is tír cothrom den chuid is mó an Ungáir, agus mar sin is féidir talmhaíocht torthúil ar fad na tíre. Cludaíonn talamh curaíochta 49.58% dá hachar, cuid ard ar ghualainn tíortha eile.[1]
Sníonn an abhainn Danóibe tríd an tír, agus tríd an bpríomhchathair, Búdaipeist, agus í dá roinnt ina dá cuid, Búda ar an dtaobh thiar, agus Peist ar an dtaobh thoir. Is iad Debrecen, san oirthear, agus Szeged, sa deisceart, an dá chathair is mó tar éis Bhúdaipeist.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Is éard a bhí i gceist leis an Ostair-Ungáir, nó Impireacht na hOstaire is na hUngáire, ná an t-aontas bunreachtúil monarcach i lár na hEorpa a tháinig ar an bhfód de thoradh an Ausgleich, nó Comhréiteach na bliana 1867.
- Éirí amach ar fud na tíre i gcoinne rialtas Daon-Phoblacht na hUngáire agus a bpolasaithe a chuir na Sóivéidí i bhfeidhm ab ea an Réabhlóid na hUngáire 1956.
Eacnamaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Úsáidtear an forint mar airgeadra san Ungáir. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na hUngáire an 60ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 58ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 48ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Ungáir, é ar $28,910 don chónaitheach.
Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Ungáir an 30ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an 18ú tír is forbartha san Aontas Eorpach, as 28 ceann.[2] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Ungáir an 69ú tír is sona, as 156 thír.
I Mí na Bealtaine 2019, bhí ráta dífhostaithe na tíre ag 3.4%, an ceathrú leibhéal is ísle san Aontas Eorpach.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "The World Factbook — Central Intelligence Agency" (en). www.cia.gov. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-03-26. Dáta rochtana: 2018-07-20.
- ↑ "| Human Development Reports". hdr.undp.org. Dáta rochtana: 2019-01-27.
- ↑ "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.