Íosóip
Cuma
Hyssopus officinalis | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | ola íosóipe |
Planda | |
Cineál an toraidh | nucule (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Lamiales |
Fine | Lamiaceae |
Treibh | Mentheae |
Géineas | Hyssopus |
Speiceas | Hyssopus officinalis L., 1753 |
Baineann an t-alt seo leis an speiceas Hyssopus officinalis. Má tá spéis agat sna plandaí eile sa ghéineas céanna, a dtugtar “íosóip” orthu go minic, féach Hyssopus.
Is planda beag tomach ilbhliantúil í an íosóip nó íosóip íceach (Hyssopus officinalis).[1] Tá sí i bhfine na Lamiaceae, is é sin fine na miontas. Fásann sí suas le 60 cm ar airde. Dúchasach do dheisceart na hEorpa agus iarthar na hÁise. Na duilleoga caol, i bpéirí urchomhaireacha; na bláthanna dé-mhaothánach, vialait/gorm, i bhfáinní a dhéanann spící fada scaipthe aontaobhacha. Saothraithe ar dtús mar luibh leighis, ach faightear nádúraithe í uaireanta.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Hyssopus officinalis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-29.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Íosóip". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 378.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |