Rojava
Rojava | |||||
---|---|---|---|---|---|
الإدارة الذاتية لشمال وشرق سوريا (ar) Rêveberiya Xweser a Bakur û Rojhilatê Sûriyeyê (ku) ܡܕܰܒܪܳܢܘܬ݂ܳܐ ܝܳܬ݂ܰܝܬܳܐ ܠܓܰܪܒܝܳܐ ܘܡܰܕܢܚܳܐ ܕܣܘܪܝܰܐ (arc) Kuzey ve Doğu Suriye Özerk Yönetimi (tr) Rêveberiya Xweser a Bakur û Rojhilatê Sûriyeyê (ku-latn) | |||||
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Tír | an tSiria | ||||
Príomhchathair | Ayn Issa | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 2,000,000 (2018) | ||||
Teanga oifigiúil | an Churmainsis an tSiricis an Araibis | ||||
Reiligiún | an tIoslam Sunnaíoch, an Chríostaíocht agus laicism (en) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | An Chordastáin | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 19 Iúil 2013 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | autonomous region (en) | ||||
Comhlacht reachtach | Syrian Democratic Council (en) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | punt na Siria | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | +963 |
Is ceantar na Cordastáine agus na Siria é Rojava. Ciallaíonn Rojava "Iarthar" as Coirdis.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis an Chéad Chogadh Domhanda, críochdheighleadh Cordastáin idir an Tuirc, an tSiria, an Iaráin, agus an Iaráic. I 1946, d'éirigh an tSiria neamhspleách ón bhFrainc. Chuir an formhór Arabach an mionlach Coirdíneach faoi chois. Séanadh an mionlach Coirdíneach saoránacht orthu, agus cuireadh ruaig orthu óna dtithe. Ba é Ba'athachas, náisiúnachas Arabach, an teoiric treorach den rialtas Siriach, agus chuir an rialtas daoine neamh-Arabach faoi chois dá bharr. Sna 1960idí agus 1970idí, rinne an rialtas Siriach daoine Arabacha a athlonnú i dtalamh Coirdíneach mar "Crois Arabach".
I 2004, bhí cluiche sacair i gQamişlo idir foireann Coirdíneach agus foireann Arabach. D'ardaigh na gártha frith-Choirdíneacha ón slua Arabach. D'fhreagair an slua Coirdíneach le gártha Coirdíneacha. D'ionsaigh an slua Arabach an slua Coirdíneach. Thug na póilíní agus an t-arm Siriach tacaíocht leis an slua Arabach agus scaoil siad 8 nduine gCoirdíneach. Rinne daoine Coirdíneacha agóid, agus scaoil na póilíní agus an t-arm Siriach an slua Coirdíneach arís. Fuair timpeall 40 duine Coirdíneach bás, agus gabhadh na céadta. Seo é an Éirí Amach Qamişlo.
Tar éis an Éirí Amach Qamişlo, chinn go leor daoine Coirdíneacha gurb gá iad féin a chosaint. Forbraíodh fórsaí beaga cosanta. I 2011-2, bunaíodh na hAonaid Chosain Muintire (Coirdis: Yekîneyên Parastina Gel, YPG) mar fhórsa cosanta eagraithe. I 2013, bunaíodh na hAonaid Chosain Ban(Coirdis: Yekîneyên Parastina Jin, YPJ) mar fhórsa chosain na mban. Throid an YPG agus YPJ le Stát Ioslamach agus Jabhat al-Nusra. Faoi 2015, bhí ceannas ag an YPG agus YPJ ar na trí chantún Rojava. I 2015, bunaíodh na Forsaí Daonlathacha Siriacha mar chomhaontas idir an YPG/J agus mílístí Arabacha agus ó mhionlaigh eitneacha eile. Reáchtálann na FDS Tuaisceart na Siria mar Chónaidhm Daonlathach Tuaisceart na Siria (CDTS, Coirdis: Federaliya Demokratîk a Bakûrê Sûriyê; Araibis:الفدرالية الديمقراطية لشمال سوريا). Idir 2015 agus 2017, fuair na FDS bua ar an Stát Ioslamach i dTuaisceart na Siria.
I 2018, ghabh an Tuirc agus an t-Arm Saor Siriach an cantún Efrîn, agus thosaigh siad daoine Coirdíneach a dhíshealbhú. Thosaigh siad ionsaí ar Mhanbij freisin.
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá trí chantún i Rojava: Efrîn, Kobanî, agus Cizîrê ó iarthar go oirthear.
Déimeagrafaic
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is daoine Coirdíneacha é an formhór Rojava. Tá go leor mionlaigh eitneacha eile ann, áfach. Mar shampla, tá daoine Arabacha ann, daoine Aisiriacha, daoine Airméanacha, agus araile. Tá timpeall 3 milliún duine ina gcónaí i Rojava anois, timpeall 1.2 milliún in Efrîn, 400,000 in Kobanî, agus 1.4 milliún i gCizîrê.[1]
Rialtas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá ceannas ag na Forsaí Daonlathacha Siriacha ar an bhformhór Rojava. Tá ceannas ag an rialtas Siriach ar cheantair i gQamişlo. Tá ceannas ag an Tuirc agus an t-Arm Saor Siriach ar an gcantún Efrîn. Reáchtáiltear an formhór Rojava leis an nGluaiseacht Le Hagaidh Sochaí Daonlathaí (Coirdis: Tevgera Civaka Demokratîk, TEV-DEM; Araibis: حركة المجتمع الديمقراطي; Aisiris: ܙܘܥܐ ܕܟܢܫܐ ܕܝܡܩܪܐܛܝܐ). Is comúin iad an bunadh TEV-DEM. Eagraíonn na comúin gan stát agus go comhchoiteann. Is leis na comúin an talamh agus na hacmhainní. Is gá 40% de na baill ar a laghad bheith ina mná.
Geilleagar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roimh an gCogadh gCathartha, tháirg Rojava formhór na cruithneachta agus formhór na n-ológ sa tSiria. Leis an gCogadh gCathartha, thosaigh imshuí nó léigear eacnamaíoch ar Rojava. Ba chóir do Rojava éirí níos neamhspleáiche. Cosnaíonn an bunreacht CDTS an réadmhaoin phríobháideach. Ar bhealach cónaidhmeacht daonlathach, déanann TEV-DEM iarracht réadmhaoin chomhchoiteann a chuir in ionad réadmhaoin phríobháideach, áfach. Tá trí cheathrú na réadmhaoine ar fad faoi smacht comhchoiteann. Tá go leor gnóthaí comhoibritheacha ann i Rojava freisin. Oibríonn go leor mná mar oibrithe i ngnóthaí comhoibritheacha anois.
Éiceolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne an monashaothrú cruithneachta damáiste don éiceolaíocht Rojava. Tá dífhoraoisiú i Rojava freisin. Is bunphrionsabal cónaidhmeachta daonlathaigh é an éiceolaíocht a chosaint. Déanann na comúin iarracht an t-uisce, an talamh, agus an fhoraois a chosaint, ach is deacair a dhéanamh. Is díosal é an phríomhfhoinse fuinnimh i Rojava, agus déanann díosal damáiste don talamh, don aer, agus don sláinte. Gan foinsí ghlana fuinnimh, tá sé deacair an éiceolaíocht a chosaint.
- ↑ Michael Knapp, Anja Flach, agus Ercan Ayboga, Revolution in Rojava (London: Pluto Press, 2016)