Seicheamh uimhríochtúil
Cuma
Seicheamh ina mbíonn difríocht thairiseach idir gach aon téarma is an chéad téarma eile. Tugtar sraith uimhríochtúil ar shuim na dtéarmaí i seicheamh uimhríochtúil. Mar sin, is seicheamh uimhríochtúil 2, 5, 8, 11, 14, agus is í an tsraith uimhríochtúil chomhfhreagrach 2 + 5 + 8 + 11 + 14. Go ginearálta, más é a an chéad téarma i seicheamh uimhríochtúil agus d an chomhdifríocht idir na téarmaí leanúnacha, is é an seicheamh a, (a + d), (a + 2d) ... + (a + (n-1) d) ..., agus is í sraith na n téarmaí n [2 a + (n-1) d]/2.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Seicheamh uimhríochtúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 590.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |