Garbhlus
Cuma
Galium aparine | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Gentianales |
Fine | Rubiaceae |
Géineas | Galium |
Speiceas | Galium aparine L., 1753 |
Planda bliantúil a mhaireann tríd an ngeimhreadh uaireanta is ea garbhlus.[1] Fiaile choitianta, dúchasach don Eoraip is an Áise. Na gais ceathairuillinne lag streachlánach, ag dreapadh le cabhair crúcaí beaga frithluaileacha. 6-8 duilleog i bhfáinní, agus crúcaí ar na himill. Na bláthanna bídeach bán le 4 pheiteal. Leadán le dhá leath chruinne an toradh, clúdaithe le ribí scothbhána a scaipeann trí ghreim a choinneáil ar ainmhithe.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Galium aparine” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Garbhlus". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 305.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |