Galar Lyme
Cineál | primary bacterial infectious disease (en) , borralóis agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | galair thógálacha, deirmeolaíocht, néareolaíocht agus cairdeolaíocht |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | erythema chronicum migrans (en) , tuirse, tinneas cinn, artrailge, miailge, fasciculation (en) , pairéistéise, meadhrán, neamhrithimeacht, chronic neuropathic pain (en) , fiabhras, neuritis (en) , meiningíteas, meningoencephalitis (en) , miócairdíteas, airtríteas, encephalomyelitis (en) agus hypertrophic cardiomyopathy (en) |
Scrúduithe | western blot (en) , scrúdú fisiciúil, ELISA, polladh lumbach agus bithóipse |
Cógais | |
Pataigineas | |
Tarchur pataigineach | tick borne transmission (en) , Ixodes pacificus agus Ixodes scapularis |
Cúis | Borrelia burgdorferi |
Aicmiú | |
ICD-10 | A69.2 |
ICD-9 | 088.81 |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 1531 |
MedlinePlus | 001319 |
eMedicine | 330178, 965922 agus 786767 |
Patient UK | lyme-disease-pro |
MeSH | D008193 |
Orphanet | 91546 |
UMLS CUI | C0024198, C0752235, C0752235 agus C0024198 |
DOID | DOID:11729 |
Galar ionfhabhtaithe a tharlaíonn de bharr an bhaictéir Borrelia burgdorferi is ea Galar Lyme.
Na siomptóim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Iompraítear do dhaoine i ngreim na sceartán a inmhíolann fianna is ainmhithe fiáine de ghnáth. Tagann lot dearg craicinn ag ionad an ghreama, leathnaíonn amach thar chúpla lá, agus buaileann fiabhras an fulangaí, chomh maith le pianta matán, tinneas cinn, is athlasadh na n-alt.
Gríos nó bruth mar a bheadh Bullseye ar an gcraiceann an comhartha is coitianta go bhfuil galar Lyme ar dhuine agus ní minic a bhíonn sé tromchúiseach. Ach mura ndéantar cúram de, d’fhéadfadh sé an-dochar a dhéanamh don chóras néarógach, an croí agus na hailt.
Réamhchúraim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sceartáin forleathan ar fud na hÉireann is cosúil, sa gcathair chomh maith le faoin tuath. Is ón earrach go dtí an fómhar is gnóthaí iad.
Aon duine a bhíonn taobh amuigh, bíodh siad ag obair nó ag déanamh caitheamh aimsire, ba chóir dóibh iad féin agus a bpáistí a chosaint ar sceartáin.[1] Iarrtar ar dhaoine priocadh na sceartán a sheachaint trí bhríste cosa fada a chaitheamh, hata a chaitheamh agus an ghruaig a chrapadh isteach faoi, sprae éarthach d’fheithidí a chur orthu (sprae a bhfuil DEET ann is fearr), craiceann, gruaig agus aon fhilleadh teolaí sa gcraiceann a sheiceáil gach tráthnóna má bhíonn duine taobh amuigh i rith an lae, aon sceartán a bhíonn le feiceáil ar an gcraiceann. Priocfaidh sceartán aon chuid den cholainn ach is fearr leis na cosa agus na lámha. Cloigeann agus muineál páistí is minice a ionsaíonn an sceartán agus ba chóir iad a chosaint agus a chlúdach.[2]
Leigheas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níl gach sceartán aicídeach agus má bhaintear amach an sceartán laistigh de chúpla uair an chloig, is beag seans go bhfaighfear an galar Lyme. Tarraing amach an sceartán ar fad, go háirithe a bhéal, le pionsúirín agus nigh an craiceann le huisce agus gallúnach. Coinnigh súil ar an spota ansin ar feadh cúpla seachtain ar fhaitíos go dtiocfadh gríos. Is féidir an galar a leigheas le frithbheathaigh. Ach muna ndéantar cóireáil air go luath, is féidir go dtarlóidh aimhréidh throm dá bharr, athlasadh an chroí is an néarchórais.
Stair agus conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Braitheadh GalarLyme den chéad uair in Old Lyme, Connecticut sa bhliain 1975. Fógraíodh trasna na Stát Aontaithe ó shin é. Tá conspóid ann maidir le Galar Lyme ainsealach agus ní mholtar cóireáil antaibheathach a thabhairt dó.
Reáchtáiltear Lá Feasachta Ghalar Lyme ag Lárionad Faire um Chosaint Sláinte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar an 29 Aibreán gach bliain.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Comhairle eisithe faoi sceartáin lá feasachta Ghalar Lyme" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-05-01.
- ↑ "Comhairle eisithe faoi sceartáin lá feasachta Ghalar Lyme" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-05-01.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Galar Lyme". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 426.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |