Steve Jobs
Ba chomh-bhunaitheoir agus príomhoifigeach feidhmiúcháin Apple é Steven Paul Jobs (24 Feabhra, 1955 - 5 Deireadh Fómhair, 2011[1]). Ba cheann de na daoine ba thábhachtaí é i gcur chun cinn an ríomhaire phearsanta ó na 1970idí go dtí lá a bháis. Níl aon amhras ach gur duine eisceachtúil a bhí ann is gur thuig sé cumhacht agus féidearthachtaí na teicneolaíochta digití.[2]
Saol
cuir in eagarBhunaigh Jobs an comhlacht Apple, le Steve Wozniak, i 1976. Bhí an-tionchar ag táirgí Apple ar mhargadh na ríomhaireachta pearsanta ó shin i leith.
D'éirigh le Jobs tírdhreach na teicneolaíochta a athrú ó bhonn cúpla babhta i rith a shaoil.[3] Tháinig an Apple II, ceann de na chéad micriríomhairí, amach i 1977 agus an Macintosh i 1984, Next i 1988 agus an iMac i 1998.
Tháinig Steve Jobs ar ais mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin i 1997 agus thosaigh sé ar líne táirgí an chomhlachta a athstruchtúrú. Stiúraigh Jobs Apple sa tréimhse thorthúil ó 1997 go 2011.[4] I 1998 bhí an-rath ar an iMac, go háirithe don dearadh tréshoilseach. D'eisídís an iPod, seinnteoir ceoil digiteach, i 2001
Dhíol Jobs an chéad iPhone sa bhliain 2007,[5] le daoine nuair nach raibh ach raon sách measartha ag an bhfón agus nuair nár sheas an cadhnra ach leath lae.
Thug Jobs an iPad isteach sa bhliain 2010.
Mar chuid den ghnó, bhunaigh Jobs iTunes - atá anois ar an siopa ceoil is mó ar domhan.
Disney
cuir in eagarBa phríomhoifigeach feidhmiúcháin Pixar é freisin go dtí gur cheannaigh Disney an comhlacht sin. Ba é an scairshealbhóir ba mhó a bhí ag Disney agus, mar gheall air sin, ba bhall de bhord stiúrthóirí Disney é.
Bás
cuir in eagarBhuail ailse phaincréis Jobs. Ar 24 Lúnasa 2011 d'éirigh Jobs as a phost mar phríomhoifigeach ag Apple. D'éag sé ar 5 Deireadh Fómhair 2011.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Apple - Remembering Steve Jobs" (2011-10-06). (en)
- ↑ Colm Ó Snodaigh (EAGRÁN 128 · NOLLAIG 2011). "An Fhuaim is Fíre" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-10-05.
- ↑ Breandán M Mac Gearailt (18 Samhain 2015). "Draoithe os cionn a mbuille ach beidh jab mór agat le Steve féin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-06.
- ↑ Conn Ó Muineacháin (2014). "Ná bíodh an scáileán beag ina mháistir orainn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-06.
- ↑ Steve Jobs ar Youtube (2007). "Steve Jobs introduces iPhone in 2007". Dáta rochtana: 2010.