Jacques Cartier
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 31 Nollaig 1491 Saint-Malo (Diúcacht na Briotáine) |
Bás | 1 Meán Fómhair 1557 65 bliana d'aois Saint-Malo, An Fhrainc |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Plá agus tíofas) |
Áit adhlactha | Saint-Malo Cathedral (en) |
Gobharnóir na Nua-Fhraince | |
24 Iúil 1534 – 15 Eanáir 1541 ← luach ar iarraidh – Jean-François Roberval (en) → Ceaptha ag: Proinsias I na Fraince | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | loingseoir, cumadóir, mairnéalach, mairnéalach, taiscéalaí, polaiteoir |
Teangacha | An Fhraincis |
Gairm mhíleata | |
Céim mhíleata | aimiréal |
Teaghlach | |
Céile | Mary Catherine des Granches |
Ba thaiscéalaí Francach (Briotánach) é Jacques Cartier (31 Nollaig 1491 - 1 Meán Fómhair 1557, a rugadh faoin ainm Jakez Karter). Deirtear gurbh é an chéad Eorpach a tháinig go Ceanada.
Rinne Cartier trí thuras fharraige go Ceanada sa 16ú haois. Ba é Cartier an chéad duine a leag amach an abhainn Naomh Laurent.
1534
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig na Francaigh, le Cartier mar cheannaire, go Ceanada sa bhliain 1534 nuair a sheol siad isteach san abhainn St. Lawrence. Sheol Jacques Cartier ó Saint-Malo chun teachtaireacht na deabhóide Críostaí a chraobhscaoileadh do na bundúchasaigh le hais an Saint Laurent.[1]
Ar an 24 Iúil 1534, chuir Cartier cros 10 méadar in airde agus ghlac sé seilbh na tíre in ainm François I, Rí na Fraince. Tá an miotas greanta i bpánaí ildaite gloine atá leathcheilte ar chúl bosca faoistine i Notre Dame Montréal, an tIndiach luite ar a chúl ar an talamh agus Cartier ag seanmóintíocht as leabhar dó, mura bé an Bíobla é.
1535
[cuir in eagar | athraigh foinse]An bhliain dár gcionn, thug Cartier cuairt an cheantar Montréal, áit a raibh muintir Huron ag an am, i 1535. Bhaist sé Mont Royal (An Sliabh Ríoga) ar shliabh a bhí crochta os cionn abhainn an St Lawrence.
Tagann an t-ainm Ceanada ó kanata, focal a chiallaíonn "baile beag" nó "lonnaíocht" i dteanga de chuid na nIroquois. Ba é sin an focal a d'úsáid na hIroquois i gceantar Chathair Québec nuair a threoraigh siad Jacques Cartier chun Stacona, baile beag acusan.
Thug Cartier an t-ainm sin ar an gceantar uilig a bhí faoi Donnacona, taoiseach na treibhe úd. Faoin mbliain 1545, bhí na hEorpaigh ag cur an ainm ar a gcuid léarscáileanna le haghaidh an réigiúin ar fad.
1542
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhill Cartier i 1542 le sagairt agus coilínigh agus bhunaigh sé an sráidbhaile Ville Marie.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Liam Ó Muirthile (2016). "‘Is é Cairdinéal Dearg an cheoil é, éan a eitlíonn go hard os cionn na cathrach’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-09-01.