Críochluas
Cuma
An luas is mó a bhaineann réad amach nuair a ligtear dó titim go saor trí shreabhán éigin (aer nó uisce, de ghnáth). Baintear an críochluas amach nuair a thagann na fórsaí frithbheartacha (cúltarraingthe) de bharr an mheáin, a mhéadaíonn de réir mar a mhéadaíonn an luas, le bheith cothrom agus sa treo eile ón bhfórsa luasghéaraithe (domhantarraingthe) i dtreo na gluaiseachta. Braitheann a luach ar an sreabhán, agus cruth, dlús is gairbhe dhromchla an réada.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Críochluas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 180.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |