[go: up one dir, main page]

Jump to content

Ciribeas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cireabaití)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCiribeas
Ribaberiki ni Kiribati (gil) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

AintiúnKunan Kiribati (1979) Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Te Mauri, te Raoi ao te Tabomoa»
«For travellers»
«I deithwyr» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósThomas Gilbert agus Gilbert Islands (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 1° 28′ N, 173° 02′ E / 1.47°N,173.03°E / 1.47; 173.03

PríomhchathairTarawa Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán119,438 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús147.27 hab./km²
Teanga oifigiúilBéarla
an Ghilbeartais Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deAn Mhicrinéis
An Pholainéis Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla811 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeBanaba Island (en) Aistrigh (81 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is íslean tAigéan Ciúin (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú 12 Iúil 1979:  cúis leis seo Neamhspleáchas
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachHouse of Assembly of Kiribati (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán Phoblacht Chiribeas Cuir in eagar ar WikidataTaneti Maamau (2016–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil227,610,035 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadradollar Chireabaití Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.ki Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+686 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála999, 192, 193, 194 agus 195 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreKI Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinkiribati.gov.ki Cuir in eagar ar Wikidata

Tír oileánach is ea Ciribeas,[1] go hoifigiúil Poblacht Chiribeas[2] (Béarla: Republic of Kiribati, Gilbeartais: Ribaberiki Kiribati), suite san Aigéan Ciúin. Tá 33 oileán sa tír. Tá breis is 119,000 duine ina gcónaí sa tír, leis an gcuid is mó ar oileán Tarawa. Is í Tarawa Theas príomhchathair na tíre.

Léarscáil Chiribeas

Tagann ainm na tíre Kiribati ó leagan Gilbeartaise an ainm Béarla Gilberts. Níl gach fuaim Béarla ar fáil sa Ghilbeartais agus athraíodh leis na fuaimeanna a bhí ar fáil ag muintir na tíre sin. Tugadh an t-ainm Gilbert IslandsÎles Gilberts ar phríomhoileánra na tíre sna 1820idí i ndiaidh an mhairnéalaigh Bhriotanaigh Thomas Gilbert a thug cuairt ar na hoileáin den chéad uair sa bhliain 1788.

Tagann an t-ainm Gaeilge Ciribeas ón nGilbeartais, teanga dhúchais na n-oileán. As Gilbeartais, fuaimnítear an iarmhír -ti mar /s/. Mar sin, fuaimnítear an t-ainm Kiribati: /ki.ɾi.bæs/. Tagann an litriú Gaeilge Ciribeas ón bhfuaimniú seo.

Scaití cloistear an fuaimniú /ˈkɪrəbɑːti/ sa Bhéarla agus i dteangacha eile de bharr an litriú. Dá bharr sin, is féidir “Cireabaití” a aimsiú freisin as Gaeilge ach tá an leagan seo dímholta anois.[1]

Tháinig na céad daoine ar oileáin Chiribeas idir 3000 RCR agus 1300 CR. Ní fios cá háit ar tháinig siad.

Thosaigh na hEorpaigh ag teacht ar na hoileáin sna 17ú agus 18ú haois. Fuadaíodh daoine mar sclábhaithe agus díoladh iad.

Ghabh Impireacht na Breataine na hoileáin i 1886. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, ghabh an tSeapáin iad. I rith an Chogaidh Fhuair, thástáil Stáit Aontaithe Mheiriceá airm núicléacha ann.

Fuair Ciribeas a neamhspleáchas ón Ríocht Aontaithe sa bhliain 1979. Glacann sé páirt sna Náisiúin Aontaithe ó 1999.

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 32 atall agus oileán aonarach sa tír suite i lár an Aigéin Chiúin. Tá siad rangaithe i gceithre ghrúpa:

  • Banaba: oileán aonarach suite idir Nárú agus na hoileáin Gilbert.
  • Na hOileán Gilbert: 16 atall suite 1500 km ó thuaidh ó Fhidsí.
  • Oileáin an Fhéinics: 8 n-atall agus oileán coiréil suite 1800 km siar ó dheas ó na hoileáin Gilbert.
  • Oileáin na Líne: 8 n-atall agus sceir amháin suite 3300 km ó dheas ó na hoileáin Gilbert.

Is é an t-oileán Kiritimati an t-atall is mó ar domhan. Tar éis athailíniú na Dátlíne Idirnáisiúnta i 1995, is iad Oileáin na Líne an chéad áit ar domhan a cheiliúrann an athbhliain.

An tAthrú Aeráide

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá éifeachtaí móra ag an téamh domhanda agus ag an athrú aeráide ar Chiribeas. Tá na hoileáin suite ag leibhéal an-íseal os coinn leibhéal an aigéin. Is é trí méadar meánleibhéal airde os cionn leibhéal na mara. Tá leibhéal an uisce ar ardú de bharr an athrú aeráide agus tá an talamh ag dul faoin uisce. Tá níos mó tuilte agus stoirmeacha ann.

Sa bhliain 2012, cheannaigh an rialtas talamh i bhFidsí sa chaoi is go mbeadh daoine is ann bogadh más gá.

Níl a lán acmhainní nádúrtha ar na hoileáin. Bhí a lán fosfáit ar oileán Banaba, ach baineadh é roimh a neamhspleáchas. Anois, is iad copra agus éisc an chuid is mó d'easpórtálacha na tíre. Tá an OTI is lú ag aon tír san Aigéan ag Ciribeas agus meastar gur ceann de na tíortha is lú forbartha ar domhan é.

Faigheann an tír an chuid is mó dá ioncam ó hearnáil na turasóireachta agus ó thabhartais idirnáisiúnta.

Tá 23 aerfort sa tír. Níl eitiltí idirnáisiúnta ach amháin in dhá aerfort: Aerfort Idirnáisiúnta Bonriki i dTarawa Theas agus Aerfort Idirnáisiúnta Cassidy ar oileán Kiritimati. Tá eitiltí idirnáisiúnta go dtí Fidsí agus an Astráil.

Déimeagrafaic

[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an daonáirimh i mí na Samhna 2020, tá cónaí ar 119,940 duine sa tír. Tá cónaí ar 90% den phobal ar na hOileáin Gilbert.

Is daoine Astrainéiseacha iad na Cireabaitígh. Thart ar an 14ú haois, tháinig daoine ó Fhidsí, Samó agus Tonga agus lonnaigh siad féin ann ag leathnú an réimse eitneach agus ag tabhairt tréithe teanga Polainéisise in éineacht leo.

Tugtar I-Kiribati ar na Cireabaitígh go dúchasach.

Labhraíonn daoine ann Gilbeartais. Is teanga aigéanach é. Is teanga oifigiúil é an Béarla chomh maith ach ní úsáidtear é go minic taobh amuigh den phríomhchathair.

Tá a lán focal tógtha ón mBéarla, mar shampla: buun, spoon; moko, smoke; beeki, pig; batoro, bottle.

Is í an Chríostaíocht an príomhchreideamh ar na hoileáin. Thug misinéirí isteach í. Tá an chuid is mó den daonra (58%) Caitliceach. Tá dhá shainchreideamh Protastúnach ann.

Tá an bunoideachas saor in aisce agus éigeantach ó 6 go dtí 15 bliana d'aois.

Eagraítear an córas oideachais mar seo a leanas:

  • Naíscoil ó 1 go 5 bhliana d'aois;
  • Bunscoil (Rang 1 go dtí 6) ó 6 go 11 bhliana d'aois;
  • Meanscoil soisearach (Bliain 1 go dtí 3) ó 12 go 14 bliana d'aois;
  • Meanscoil sínsearach (Bliain 4 go dtí 7) ó 15 go 18 mbliana d'aois.

Tá campas ollscoile ag an University of the South Pacific lonnaithe i dTeaoraereke.

  1. 1.0 1.1 ""Ciribeas"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2023-08-07.
  2. ""Poblacht Chiribeas"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2023-08-07.