Charadrius
feadóg chladaigh | |
Tacsanomaíocht | |
---|---|
Aicme | Aves |
Ord | Charadriiformes |
Fine | Charadriidae |
Géineas | Charadrius L., 1758 |
Cuimsíonn an géineas Charadrius 11 speiceas éan a bhaineann leis an bhfine Charadriidae. Éin bheaga chladaigh iad seo, ar a dtugtar feadóga orthu go minic.
Is focal Laidine déanaí é an t-ainm géineas Charadrius ar éan buí a bhí luaite sa Vulgáid sa cheathrú haois. Faightear iad ar fud an domhain.
Tá bandaí cíche nó coiléir mar chomhartha sóirt ag go leor speiceas Charadrius. Is féidir leo seo a bheith ina mbandaí iomlána singile (i measc aosaigh), nó bandaí dúbailte nó triaracha.
Bíonn goba sách gearr acu agus cothaíonn siad go príomha ar fheithidí, péisteanna nó inveirteabraigh eile, ag brath ar ghnáthóg, a fhaightear trí theicníc rith agus stop, seachas tochailt sheasta amhail roinnt grúpaí lapairí eile. Bíonn siad ag seilg de réir aithne shúl, seachas ar a mhothú mar a dhéanann lapairí a bhfuil goba níos faide orthu cosúil leis an naoscach.cuimsithe
Tá speicis sna géinis Aegialites (nó Aegialitis), Thinornis, agus Elseyornis comhchuimsithe anois laistigh de Charadrius.
Liosta speiceas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí 33 speiceas sa ghéineas ar dtús. I mí na Nollag 2023, áfach, d'ionchorpraigh Aontas Idirnáisiúnta na nÉaneolaithe gach speiceas faoi Thinornis agus Elseyornis isteach i Charadrius, agus tá roinnt speiceas de Charadrius curtha anois sa ghéineas Anarhynchus. Mar thoradh air sin, níl ach 11 speiceas i Charadrius anois:[8]agus cuirtear roinnt speiceas de Charadrius sa ghéineas Anarhynchus anois. Mar thoradh air sin, níl ach 11 speiceas i Charadrius anois.[1]
- Charadrius vociferus – Feadóg ghlórach Linnaeus, 1758
- Charadrius hiaticula – Feadóg chladaigh nó feadóg an fháinne Linnaeus, 1758
- Charadrius semipalmatus – Feadóg mhionbhosach Bonaparte, 1825
- Charadrius melodus – Feadóg cheolmhar Ord, 1824
- Charadrius cucullatus-Feadóg chochallach Vieillot, 1818
- Charadrius forbesi – Feadóg Fhoirbis (Shelley, 1883)
- Charadrius tricollaris – Feadóg trídhathach Vieillot, 1818
- Charadrius melanops- Feadóg uchtdubh Vieillot, 1818
- Charadrius novaeseelandiae- Feadóg túturuatu Gmelin, JF, 1789
- Charadrius dubius - Feadóigín chladaigh Scopoli, 1786
- Charadrius placidus - Feadóg chiúin Gray, JE & Gray, GR, 1863
Meastar go ginearálta anois gur feadóg chladaigh óg é speiceas eile, Charadrius (Thinornis) rossii, ar eolas ó eiseamal amháin a bailíodh in 1840, iar a dtugtar ó eiseamal amháin a bailíodh sa bhliain 1840, a raibh a shuíomh taifeadta go mícheart.[2]
Gailearaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]-
-Feadóg uchtdubh (C. melanops)
-
Feadóg mhionbhosach (C. semipalmatus)
-
Feadóg trídhathach (C. tricollaris) uibheacha ar thalamh oscailte
-
Feadóigín chladaigh (C. dubius) sicín
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tuilleadh léitheoireachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Les Christidis, Walter Boles: Systematics and Taxonomy of Australian Birds. CSIRO Publishing. 2008. ISBN 978-0-643-06511-6
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tuilleadh léitheoireachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Les Christidis, Walter Boles: Systematics and Taxonomy of Australian Birds. CSIRO Publishing. 2008. ISBN 978-0-643-06511-6
- ↑ Teimpléad:IOC birdlist
- ↑ "Checklist of the Birds of New Zealand" (2010). Wellington, N.Z.: Te Papa Press.