Fionán Ó Loingsigh
polaiteoir agus breitheamh Éireannach
Polaiteoir Éireannach ab ea Fionán Ó Loingsigh (Béarla: Fionán Lynch) (17 Márta 1889 - 3 Meitheamh 1966).[1] Rugadh Fionán Ó Loingsigh i gCathair Saidhbhín i gContae Chiarraí. D'fhreastail sé ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach, áit ar cháiligh sé mar mhúinteoir. I Swansea na Breataine Bige a fuair sé a chéad phost, áit ar mhúin sé Gaeilge agus inar bhunaigh sé craobh de Chonradh na Gaeilge. Throid sé in Éirí Amach na Cásca agus bhí sé i bpríosún i Lewes, Sussex, go dtí mí Meithimh 1917. Bhí sé ina bhall de Shinn Féin ar dtús agus ansin Fine Gael.
-
Comhad faisnéise míleata ar Finian Lynch ó Arm na Breataine Móire
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó LOINGSIGH, Fionán (1889–1966) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |