Thomas Young
Cuma
Fisiceoir is lia a rugadh i Milverton Shasana ab ea Thomas Young (13 Meitheamh 1773 – 10 Bealtaine 1829). Rinne sé taighde ar radharc na súl agus optaic. Chuir sé teoiric thonnach an tsolais chun cinn. Rinne sé amach teoiric Young-Helmholtz faoi radharc daite na súl. Léirigh sé struchtúr na súile agus chuir síos ar astiogmatacht. Shainmhínigh sé modal Young agus léirigh a fheidhmeanna. Chuidigh sé go mór le fuascailt na rúnscríbhinní ar Leac Rosetta ón Éigipt.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Thomas Young". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 709.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |