Teagmhas Tunguska
| |||||
Cineál | pléascadh | ||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Abhainn Podkamennaya Tunguska | ||||
Dáta na bliana | 30 Meitheamh 1908 | ||||
Suíomh | Evenk Autonomous Okrug (en) | ||||
Tír | Impireacht na Rúise | ||||
Dáta fionnachtana nó tionscnaimh | 30 Meitheamh 1908 | ||||
Áit ar fionnadh é | Yeniseysk Governorate (en) agus Abhainn Podkamennaya Tunguska | ||||
Cúis | Tunguska meteorite (en) | ||||
Líon básanna | 0 | ||||
Líon gortaithe | 0 | ||||
Pléascadh an-chumasach nádúrtha, a tharla go híseal san atmaisféar os cionn na Sibéire i ngleann Tunguska, ab ea an Teagmhas Tunguska, ar an 30 Meitheamh 1908.[1]
Scrios
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leagadh b’fhéidir 80 milliún crainn go talamh.[2] Leacaigh an phléasc beagnach 3,000 ciliméadar cearnach den fhoraois, agus adhnadh dóiteáin thar achar níos mó fós, i réimse iargúlta den tSibéir. Meastar go raibh an pléascadh coibhéiseach le pléascadh buama núicléach dhá mheigeatonna, nó pléasc a bhí cothrom le maidhm 15 mhilliún tonna TNT.[3]
Ar ámharaí an tsaoil, ní raibh duine ar bith ina chónaí in Tunguska an uair sin sa bhliain 1908 (ach maraíodh triúr, b'fhéidir).
Cúis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phléasc dreigít san aer is cosúil. Ní bhfuarthas aon rian de smionagar astaróidigh ann, rud a mhúsclódh an smaoineamh gur ábhair sho-ghalaithe a bhí ann.
Tuigtear anois gur imbhualadh dreigíte (nó núicléas cóiméid bhig nó astaróidigh) leis an atmaisféar a bhí ann.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "The Tunguska Impact--100 Years Later | Science Mission Directorate". science.nasa.gov. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-16. Dáta rochtana: 2021-06-30.
- ↑ Melissa Hogenboom. "In Siberia in 1908, a huge explosion came out of nowhere" (en). www.bbc.com. Dáta rochtana: 2020-06-30.
- ↑ COGG. "An Modh Eolaíoch". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teagmhas Tunguska". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 683.