Tairiseach imtharraingthe
Cuma
Tairiseach bunúsach, le siombail G is luach 6.673 × 10-11 N m2, a thagann isteach i dlí imtharraingthe Newton. Rinne an t-eolaí Briotanach Henry Cavendish turgnamh i 1798 inar thomhais sé an fórsa idir sféir throma a cuireadh gar dá chéile, agus uaidh sin chruthaigh sé dlí Newton faoin imtharraingt is rinne luach G amach. Tagann G isteach sna cothromóidí i dteoiric na coibhneaseachta ginearálta freisin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Tairiseach imtharraingthe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 639.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |