[go: up one dir, main page]

Jump to content

Tadhg Ó hEaluithe (polaiteoir)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTadhg Ó hEaluithe

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Timothy Michael Healy Cuir in eagar ar Wikidata
17 Bealtaine 1855
Beanntraí Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Márta 1931
75 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Seanascal Shaorstát Éireann
6 Nollaig 1922 – 31 Eanáir 1928 – Séamus Mac Néill →
Ball den 30ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
15 Iúil 1911 – 4 Samhain 1918 (éirí as)


Ball den 29ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
15 Eanáir 1910 – 28 Samhain 1910 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: An Lú Thuaidh

Ball den 28ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
12 Eanáir 1906 – 10 Eanáir 1910 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: An Lú Thuaidh

Ball den 27ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
1 Deireadh Fómhair 1900 – 8 Eanáir 1906 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: An Lú Thuaidh

Ball den 26ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
13 Iúil 1895 – 17 Meán Fómhair 1900 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: An Lú Thuaidh

Ball den 25ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
4 Iúil 1892 – 8 Iúil 1895 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: An Lú Thuaidh

Ball den 24ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
5 Feabhra 1887 – 28 Meitheamh 1892 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: An Longfort Thuaidh

Ball den 23ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
30 Samhain 1885 – 21 Eanáir 1886 (returned for another seat and chose to sit there (en) Aistrigh)

Toghcheantar: Muineachán Thuaidh

Ball den 23ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
24 Samhain 1885 – 26 Meitheamh 1886 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Doire Theas

Ball den 22ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
30 Meitheamh 1883 – 18 Samhain 1885 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Muineachán

Ball den 22ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
24 Samhain 1880 – 16 Meitheamh 1883 (éirí as)

Toghcheantar: Wexford Borough (en) Aistrigh

Abhcóide na Banríona
Binseoir Óstaí an Rí
Binseoir Ósta Gray
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, iriseoir, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAll-for-Ireland League (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileErina Kate Sullivan (1882, 1882–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteElizabeth Katherine Healy, Joseph Healy, Paul Healy, Erina Healy, Maev Mary Healy, Timothy Maurice Healy Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMaurice Healy  agus Eliza Sullivan
SiblínMaurice Healy
Croineolaíocht
1884glaodh chun an bharra air/uirthi Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 14623099 Cuir in eagar ar Wikidata

Polaiteoir náisiúnach Éireannach, iriseoir, údar, abhcóide agus duine de na Feisirí Parlaiminte Éireannacha is conspóidí i dTeach na dTeachtaí i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann ab ea Tadhg Ó hEaluithe (17 Bealtaine 1855 - 26 Márta 1931). Thosaigh a shlí bheatha pholaitiúil amach sna 1880idí faoi cheannaireacht Charles Stewart Parnell de Pháirtí Parlaiminte na hÉireann (PPÉ), agus lean sé ar aghaidh go dtí na 1920idí, nuair a bhí sé ar an gcéad Sheanascal Shaorstát Éireann (nó Gobharnóir Ginearálta ar Shaorstát na hÉireann).

Cúlra teaghlaigh

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Plaic ar Chearnóg Tone Wolfe i m Beanntraí ag comóradh breith Uí hEaluithe

Rugadh é i mBeanntraí, Contae Chorcaí, an dara mac le Maurice Healy, cléireach d'Aontas Dhlí na mBocht i mBeanntraí, agus Eliza Healy (née Sullivan). Bhí a dheartháir ba shine Thomas Healy (1854–1924) ina aturnae agus ina Fheisire Parlaiminte (FP) do Loch Garman Thuaidh agus bhí a dheartháir níos óige Maurice Healy (1859–1923), a raibh dlúthchaidreamh aige ar feadh an tsaoil, ina aturnae agus ina FP do Cathair Chorcaí.[1]

Ba de shliocht teaghlaigh a athair a chaill a gcuid tailte mar go raibh siad ina gCaitlicigh, [2]ach fós féin ba fhear uasal léannta é. Aistríodh a athair i 1862 go post den chineál céanna i Lios Mór, Contae Phort Láirge, agus an post aige go dtí go bhfuair sé bás i 1906. Cuireadh oideachas ar Thadhg i scoil na mBráithre Críostaí i Mainistir Fhear Maí, agus ar shlí eile bhí sé féin-oilte den chuid is mó. Sa bhliain 1869, ag ceithre bliana déag d’aois, chuaigh sé chun cónaithe lena uncail Timothy Daniel Sullivan FP i mBaile Átha Cliath .

Ansin, bhog sé go Sasana ag fáil fostaíochta i 1871 le Cuideachta Iarnróid an Oirthuaiscirt i Newcastle-upon-Tyne . Bhí baint mhór aige ansin le polaitíocht Rialtas Dúchais na hÉireann sa phobal Éireannach áitiúil. Tar éis dó dul go Londain i 1878 d’oibrigh Ó hEaluithe mar chléireach rúnda i monarcha ar leis a ghaolta é, ansin d’oibrigh sé mar chomhfhreagraí parlaiminte don nuachtán The Nation ar leis a uncail é, ag scríobh go leor alt mar thacaíocht do Pharnell, an ceannaire nua-éiritheach agus ní ba mhíleataí agus a bheartas um bacóireacht pharlaiminte.[3]

Bhí meas ag Parnell ar fhaisnéis agus ar fhuinneamh Uí hEaluithe, tar éis dó é féin a bhunú mar chuid de chiorcal polaitiúil níos leithne Pharnell. Tháinig sé chun bheith ina rúnaí Pharnell ach diúltaíodh dó páirt a ghlacadh i gciorcal beag inmheánach de chomhghleacaithe polaitiúla Pharnell. Thug Parnell, áfach, Ó hEaluithe isteach i bPáirtí Parlaiminteach na hÉireann agus thacaigh sé leis mar iarrthóir náisiúnaíoch nuair a toghadh é ina FP do Bhuirg Loch Garman i 1880-83 i gcoinne Sheán Mhic Réamainn a raibh a athair, William Archer Redmond, ina FP a bhásaigh le déanaí. Toghadh Ó hEaluithe ar ais gan cur ina choinne don pharlaimint, le cúnamh Mhic Réamainn a sheas siar ón toghchán agus gur tháinig sé slán as cás cúirte talúntais a líomhain imeaglú.

Slí bheatha pholaitiúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Frank Callanan, T. M Healy (Cork University Press, 1996)
  2. Bew, Paul, Timothy Michael Healy, Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press (2004–05) Vl.27 p.142: quote:
    His daughter wrote: One branch of the Healy’s, who turned protestant, [claimed] the land of a Catholic cousin . . . From the Catholic cousin who kept his faith and lost his lands was descended the family of whom Timothy Michael Healy was the second son. (Source: M. Sullivan No man’s man p.3 (1943)
  3. Callanan, T. M Healy (1996)