Toghchán parlaiminte na Polainne, 2023
Cineál | toghchán parlaiminte na Polainne | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 15 Deireadh Fómhair 2023 | |||
← 2019
| ||||
Tír | an Pholainn | |||
Baint le limistéar údaráis | an Pholainn | |||
Oifig le buachan | Ball de Sejm Phoblacht na Polainne Member of the Senate of the Republic of Poland (en) | |||
Iarrthóir | United Right (en) (7,640,854) Civic Coalition (en) (6,629,402) Third Way (en) (3,110,670) The Left (Poland) (en) (1,859,018) Confederation (en) (1,547,364) | |||
Iarrthóir ar éirigh leis/léi | United Right (en) Civic Coalition (en) Third Way (en) The Left (Poland) (en) Confederation (en) | |||
Reáchtáladh toghchán parlaiminte na Polainne 2023 ar an 15 Deireadh Fómhair.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí páirtí na heite deise, an PiS [Páirtí Dlí agus Cirt] faoi cheannaireacht Jaroslaw Kaczynski, i gcumhacht idir 2015-2023.[1] Faoi pháirtí an PiS, cuireadh deireadh de réir a chéile le go leor de na hiarshrianta agus na cosaintí a bhíodh ann ionas go raibh smacht níos mó ag an bpáirtí ar institiúidí an stáit – na cúirteanna, na meáin phoiblí agus an próiseas toghcháin féin. Cháin lucht feachtais LADT agus comhshaoil an páirtí chomh maith mar gheall ar a sheasamh i leith cúrsaí chearta an duine agus athraithe aeráide.
Bhí go leor cainte ann le linn 2023 gurb é seo an toghchán is tábhachtaí ón gceann i 1989, nuair a cuireadh an daonlathas i bhfeidhm sa tír tar éis chliseadh an chumannachais, a bhí i bhfeidhm go hoifigiúil sa tír ó 1952. Measadh go mbeidh an-tionchar ag toradh an toghcháin seo ar an tír agus gur ród nua don tír a bheidh ann go sóisialta agus ó thaobh na polaitíochta agus an chultúir.[1]
Feachtas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Comhghuaillíocht Shibhialta na Polainne, páirtí a bhfuil Donald Tusk, iarUachtarán ar an Aontas Eorpach, i gceannas air, réidh le teacht in áit pháirtí na heite deise, an PiS [Páirtí Dlí agus Cirt] faoi cheannaireacht Jaroslaw Kaczynski.
Bhí sé geallta ag Tusk go gcuirfidh rialtas faoina cheannas féin feabhas ar chaidreamh na Polainne leis an AE agus go n-éireoidh leis an €36 billiún as Ciste Téarnaimh ón Covid an Aontais Eorpaigh (a ceileadh orthu go dtí 2023 a fháil don tír). Aighneas idir an tAE agus páirtí PiS, toisc gur breithiúna a bhí báúil leis an bpáirtí sin a ceapadh in ardchúirteanna na tíre, ba chúis leis an maoiniú sin a bheith gan dáileadh roimh an toghchán.
Gheall an Chomhghuaillíocht Shibhialta freisin go ndéanfaí liobrálú ar dhlíthe na tíre maidir le ginmhilleadh. Sa bhliain 2021 a tugadh isteach dlí a chuir nach mór cosc iomlán ar an gcóir leighis sin.[1]
Torthaí an toghcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Vótáil thart ar 73% den toghlach, an vóta is airde ó 1989 nuair a cuireadh deireadh leis an gcumannachas.
Fuair Páirtí Dlí agus Cirt 194 suíochán, i bhfad ón 231 suíochán a bheadh riachtanach chun móramh a bheith aige.
Ní bhfuair Páirtí na Cónaidhme, a bhí i bhfad amach ar an eite dheis, ach 18 suíochán. Ní raibh aon choinne le torthaí chomh dona sin don Pháirtí.
Mar sin ní raibh an Páirtí Dlí agus Cirt comhrialtas a chur le chéile leis na feisirí a bhí i bhfad amach ar an eite dheis.
Bhí teacht ag an bhfreasúra ar 248 suíochán agus bhí páirtí Tusk in ann comhrialtas leathan a dhéanamh leis Tríú Slí, páirtí atá ar dheis ón lár, agus le Lewica, páirtí ar an eite chlé.[1]
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí 11 both vótála oscailte in Éirinn do na Polannaigh a bhí ina gcónaí anseo agus vótáil na mílte díobh sa toghchán.
Rialtas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 13 Nollaig 2023, ghlac Donald Tusk mionn na hoifige mar phríomh-aire ar an bPolainn.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 "‘An lá leis an Pholainn, an lá leis an daonlathas’ – an móramh caillte ag páirtí rialtais na heite deise" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-10-16). Dáta rochtana: 2023-10-16.
- ↑ "Donald Tusk sworn in as Poland's new prime minister" (en). Le Monde.fr (2023-12-13). Dáta rochtana: 2023-12-29.