William Heinesen
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 15 Eanáir 1900 Tórshavn, Oileáin Fharó |
Bás | 12 Márta 1991 91 bliana d'aois Tórshavn, Oileáin Fharó |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, cumadóir, scríbhneoir, aistritheoir, péintéir, scríbhneoir scripte |
Teangacha | An Danmhairgis agus an Fharóis |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | abc-literature.dk |
Scríbhneoir agus ealaíontóir Faróch a bhí in Andreas William Heinesen a saolaíodh ar an 15 Eanáir 1900 i dTórshavn (príomhchathair Oileáin Fharó) agus a shíothlaigh ar an 12 Márta 1991 san áit chéanna. Cé go raibh Faróis ó dhúchas aige, scríobh sé formhór mór a chuid leabhar as Danmhairgis, nó ní raibh mórán litríochta ar fáil as Faróis nuair a chuaigh sé ar scoil.
I dtús a réime bhí sé ina fhile, ach ba iad na húrscéalta agus na gearrscéalta a thabhaigh a chlú dó. Is é Tórshavn timpeallacht na n-imeachtaí ina chuid scríbhinní, ach san am chéanna, bíonn scéalta Heinesen ar maos le misteachas is le draíocht, agus is téama tábhachtach í streachailt an duine le fórsaí na farraige.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |