Penn-ar-Bed
Penn-ar-Bed | |||||
---|---|---|---|---|---|
Finistère (fr) Penn-ar-Bed (br) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Fhrainc | ||||
Eintiteas críochach riaracháin de chuid na Fraince | An Fhrainc mheitreapholaiteach | ||||
Defense and Security zone of France (en) | Western defense and security zone (en) | ||||
Réigiún na Fraince | an Bhriotáin | ||||
Príomhchathair | Kemper | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 921,638 (2021) | ||||
• Dlús | 136.88 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 6,733 km² | ||||
Pointe is airde | Roc'h Ruz (385 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 4 Márta 1790 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | departmental council of Finistère (en) | ||||
• President of departmental council (en) | Nathalie Sarrabezolles | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | FR-29 | ||||
Cód NUTS | FR522 | ||||
Cód INSEE | 29 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | finistere.fr | ||||
Is é Penn-ar-Bed (Finistère as Fraincis) an 'Départment' is faide siar sa Bhriotáin.
Suíomh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cósta an Aigéin Atlantaigh ar thrí thaobh di. Tá Contae Aodoù-an-Arvor suite ar a teorainn oirthuaiscirt agus tá Contae Mor-Bihan soir ó dheas di.
Ciallaíonn an t-ainm 'Ceann an Domhain' nó deireadh an domhain sa Bhriotáinis. Ar an dtaobh thuaidh di i sean-limistéar Leon, tá an cósta íseal den chuid is mó le tránna gainimhe. Tá aillte agus cuain domhain ar an gcósta thiar agus theas agus is ann atá limistéir ársa Bro-Gerne, a ainmníodh ó na daoine a lonnaigh san áit fadó as Corn na Breataine.
Cruthaíodh Penn-ar-Bed i ndiaidh Réabhlóid na Fraince nuair a aontaíodh Leon leis an gcuid is mó de sean-limistéar Bro-Gerne.
Daonra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1999, bhí 852,418 duine ina gcónaí sa chontae, an 24ú líon is mó i measc départments na Fraince. Bhí 303,484 bailithe i mórchathair Bhrest ag an am.
Is i bPenn-ar-Bed is mó a labhraítear Briotáinis. Bíonn an-chuid féilte ann, go háirithe i rith an tsamhraidh. Sa bhliain 2008, d'fhreastail thart ar 4.7% de pháistí bunscoile Phenn-ar-Bed ar scoileanna dhátheangacha ina raibh an chuid is mó den teagasc trí mheán na Briotáinise.[1] Déanann cuid de na daltaí i scoileanna eile staidéar ar an mBriotáinis freisin.
Bailte
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé gurb í Brest an chathair is mó i bPenn-ar-Bed, is í Kemper (Quimper as Fraincis) príomhchathair an réigiúin agus tá an-cháil ar photadóireacht Faïence atá bunaithe inti. Is ón bhfocal kembraeg a thagann ainm na cathrach. Ciallaíonn sé 'cumar' agus is ann a thagann trí abhainn, an Steir, Odet, agus an Jet le chéile. Tá ardeaglais naomh Corentin, a bhfuil dhá thúr uirthi agus dealbh den rí Gradlon ar muin capaill idir eatarthu. Tá nasc idir Kemper agus Luimneach in Éirinn.
I dtuaisceart an régiúin tá Montroulez (Morlaix as Fraincis) a bhí tráth ina calafort tábhachtach d'fhoghlaithe mara, agus tá tarbhealach ollmhór don bhóthar iarainn crochta os cionn an bhaile ó tógadh é sa 19ú haois.
Siar ó thuaidh ó Kemper tá baile iascaireachta Douarnenez, agus de réir an tseanchais is i mbá Douarnenez a bhí cathair Ys mar a raibh Gradlon ina rí, suite.
Eacnamaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í Brest ceann des na calafoirt is mó sa Fhrainc agus tá ionad mór de chuid chabhlach na Fraince suite inti freisin. Ba lárionad d'fhomhuireáin na Gearmáine í le linn an Dara Cogadh Domhanda. Is inti a thógadh an t-iompróir eitleán Francach, an Charles de Gaulle, ceann de na longa cogaidh is mó ar domhan. Bíonn féilte móra seoltóireachta i mBrest gach bliain. Tá nasc idir í agus Dún Laoghaire in Éirinn.
Tá nasc farantóireachta idir Rosscoff agus Corcaigh, agus bailte i Sasana.
Talmhaíocht, próiseáil bia agus turasóireacht na tionscail eile is mó atá ann.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ (fr) Ofis ar Brezhoneg: Enseignement bilingue 2009 (année scolaire 2008-2009)