Papaver rhoeas
Planda | |
---|---|
Cineál an toraidh | capsúl |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Ranunculales |
Fine | Papaveraceae |
Géineas | Papaver |
Speiceas | Papaver rhoeas L., 1753 |
Is planda bliantúil é an Papaver rhoeas, le hainmneacha coitianta lena n-áirítear an chailleach dhearg[1] agus an cocán dearg, a fhásann 60 cm díreach ar airde, agus a tháirgeann laitéis bhán. Dúchasach don Eoraip is an Áise, agus tugtha isteach i dtíortha eile. Na duilleoga roinnte colgach; na bláthanna cruinn le 4 pheiteal geal scarlóideach, uaireanta le bunphaiste dorcha; an capsúl i gcruth piobaráin le fáinne poll timpeall an imill. B'fhiaile fhorleathan í tráth, na síolta suanach sa talamh ar feadh cuid mhaith blianta, ag teacht chun cinn go tapa nuair a d'iompaítí an ithir i dtalamh insaothraithe nó suaite. Tá sí ag dul i léig anois le teicníochtaí feabhsaithe talmhaíochta. Is siombail bhrónach í den chéad chogadh domhanda, mar bhláthaigh cailleacha dearga sna páirceanna áir a bhí suaite ag buamáil, cath is bás.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Papaver rhoeas” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cailleach dhearg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 105.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |