[go: up one dir, main page]

Jump to content

Stella Steyn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaStella Steyn

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith26 Nollaig 1907
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Iúil 1987
79 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síBauhaus
An Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpéintéir, grianghrafadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1927 –  1987
Ghlac sé/sí páirt i
1928Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1928 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba ealaíontóir Éireannach í Stella Steyn (26 Nollaig 1907–21 Iúil 1987).

Rugadh Steyn i mBaile Átha Cliath i 1907, agus b'iad William Steyn (fiaclóir) agus Bertha Jaffe a tuistí, a bhí tar éis pósadh i Luimneach, tar éis dóibh bogadh go hÉirinn ó Akmenė na Liotuáine. Giúdach ab ea í. [1] Rinne Steyn staidéar i gColáiste Alexandra agus i 1924 san The Metropolitan School of Art (ar a dtugtar anois an Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha nó CNED), ba é Patrick Tuohy a mhúin stíl ealaíne Cézanne di.[2] Ba iad Harry Clarke agus Aubrey Beardsley a spreag cuid mhaith de luathshaothar Steyn.[3]

Sa bhliain 1926, agus í 18 mbliana d'aois, i gcuideachta a máthar agus a comh-ealaíontóra Hilda Roberts, chuaigh sí go Páras chun staidéar a dhéanamh san Académie Scandinave agus ag La Grande Chaumière.[4] D'oibrigh sí sa Cheathrú Ealaíon (Montaparnasse) agus thug sí "the most stimulating place for the artist who really wants to work" ar Pháras.

Agus í i bPáras bhuail sí le Samuel Beckett, chomh maith le James Joyce. Rinneadh cairde di le hiníon Joyce, Lucia [5] agus iarradh uirthi Finnegans Wake de chuid Joyce a léiriú.[6][7][8] She did not understand the piece, but it was explained to her by Joyce[9] Níor thuig sí an píosa, ach mhínigh Joyce di é agus iarradh go sonrach uirthi freagra a thabhairt ar a cheolmhaireacht.

Sa bhliain 1928, reáchtáladh an chéad seó ealaíne aonair de chuid Steyn i bhFaiche Stiabhna san Dublin Painter's Gallery. [10] Chuir sí foirmeacha éagsúla ar taispeáint, ina measc eitseálacha, uiscedhathanna agus pictiúir a rinneadh le peann luaidhe.[3] Thaispeáin sí foirmeacha éagsúla, lena n-áirítear eitseálacha, uiscedhathanna agus líníochtaí pionsail. An bhliain chéanna sin chuir Steyn isteach i Sur La Glace, níor bhuaigh sí ach bronnadh bonn airgid uirthi ag Aonach Tailteann. Bhí sí san iomaíocht freisin sna comórtais ealaíne ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1928.[11][12]

Idir 1927 agus 1930 bhí 19 saothar ar taispeáint aici san Royal Hibernian Academy, agus bhí ceithre cinn acu den deilbh mná. Sa bhliain 1929 bhí taispeántas aici i Manhattan agus thug sí faoi thuras ar an bhFrainc agus ar an nGearmáin ag tabhairt cuairte ar Avignon, Toulon agus Marseille. Mhothaigh sí nach raibh meas mór ar a cuid oibre in Éirinn agus d'fhill sí chun leanúint ar aghaidh lena cuid staidéir ag La Grande Chaumiere agus ansin L'Académie Scandinave.

Chláraigh sí sa Bauhaus sa Ghearmáin sa bhliain 1931,[13] agus í ar an gcéad ealaíontóir Éireannach aitheanta a rinne staidéar sa Bauhaus. Ba iad Wassily Kandinsky, Paul Klee agus Joseph Albers a teagascóirí. Thosaigh sí ag mothú meallta de bharr na modhanna múinte a bhí ann, ach lean sí dá staidéar go dtí 1932 nuair a bhog sí go dtí an Kunstgewerbeschule, Stuttgart.

Sa bhliain 1938, phós sí David Ross,,[14] ollamh le Fraincis in Ollscoil Londan, ar bhuail sí leis sa Ghearmáin sa bhliain 1933. Bhí cónaí orthu i Sasana, áit a raibh Ross ag obair mar acadóir i roinnt ollscoileanna.[15] D'fhan Steyn as an sféar poiblí den chuid is mó ina dhiaidh sin, agus is annamh a thaispeán sí a cuid oibre.[16] Sa bhliain 1947 a críochnaíodh Ladies in a Vase, áfach, agus sa bhliain 1952 bhí sí le feiceáil sa Carnegie Institute Exhibition, Pittsburgh.

Is beag aithne a bhí uirthi in Éirinn ar feadh i bhfad, ach cuireadh spéis na gcriticeoirí inti an athuair nuair a cuireadh a saothair ar taispeáint sa Gorry Gallery i 1995 agus sa Molesworth Gallery i 2001.[17]

Taispeánadh ceann dá pictiúir, Still Life-Flowers, i dteach cónaithe Phríomh-Aire na Breataine le linn aireachta Gordon Brown, a roghnaigh a bhean chéile, Sarah Brown.[18] Tá a saothar le feiscint i nDánlann Tatha in Fife na hAlban.[19] Taispeánadh ceann dá pictiúir, Still Life - Flowers, i dteach cónaithe Phríomh-Aire na Breataine le linn mhinistreacht Gordon Brown, a roghnaigh a bhean chéile, Sarah Brown. Tá a saothar le feiceáil ag Dánlann Tatha i bhFìobha, Albain.[19]


Fuair sí bás ar an 21 Iúil 1987 i Londain.

  1. Ray Rivlin. Jewish Ireland: A Social History
  2. "From Ranelagh to the Bauhaus – Oliver O’Hanlon on Irish artist Stella Steyn" (en).
  3. 3.0 3.1 Snoddy, Theo (2002). "{{{title}}}" (as en): 633–5. Dublin: Merlin Publishing. 
  4. "Stella Steyn 1907 - 1987, Irish Artist." (en-gb).
  5. "Steyn, Stella | Dictionary of Irish Biography" (en).
  6. "Stella Steyn 1907–1987, Irish Artist." (en-gb).
  7. "Stella Steyn at Gormley's Art Auctions".
  8. "ARTS : EXHIBITIONS : Star of Joyce's firmament" (en).
  9. "Stella Steyn: the Irish artist who went beyond the Bauhaus | Art UK" (en).
  10. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The Irish Times 4.
  11. "Stella Steyn Bio, Stats, and Results". Olympics.
  12. "Stella Steyn". Olympedia.
  13. Stella Steyn, (1907–1987) Whytes Catalogue.
  14. "Collections Online | British Museum".
  15. "Irish Art Original Stella Steyn Sketch Framed + Letter of Provenance | #464072759" (en).
  16. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Irish Independent 22.
  17. "IMMA | Irish Museum of Modern Art".
  18. "Prime Minister Gordon Brown's Downing Street art collection chosen by his wife". The Telegraph.
  19. "Stella Steyn | TATHA GALLERY". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-09-12. Dáta rochtana: 2023-10-31.