Sligeach
Sligeach | ||||
---|---|---|---|---|
Sligo (en) Sligeach (ga) | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae Shligigh | |||
Príomhchathair de | ||||
Daonra | ||||
Iomlán | 19,199 (2016) | |||
• Dlús | 622.13 hab./km² | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 30.86 km² | |||
Airde | 13 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Cód poist | F91 | |||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Glaochód | 71 | |||
Eile | ||||
Logainm.ie | 1390502 | |||
Suíomh gréasáin | sligoborough.ie |
Is é Sligeach[1] (Sligo i mBéarla) príomhchathair Chontae Shligigh, agus tá sé ar an dara ionad cathrach is mó i gCúige Chonnacht (níl ach Gaillimh níos mó). Tá Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach suite i Sligeach. Thit an daonra ag an daonáireamh seo chaite i 2006 go dtí beagáinín faoi 18,000 daoine.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair an áit an t-ainm 'Sligeach' ón bhflúirse sliogán a bhí le haimsiú ins an abhainn agus ins an inbhear freisin. Bhí an t-ainm 'Sligeach' ar an Abhainn Garbh Óg freisin. Tá sé scríofa i litreacha de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis ó 1836 gur 'faightear cairteacha lán le sliogáin faoi thalamh i ngach uile áit laistigh den bhaile mór ina bhfuil foirgnimh ann anois.' Bhí an áit iomlán seo, ón inbhear ag an mbaile mór agus cois fharraige, go dtí bá Baile Éasa Dara saibhir le hacmhainní mhara agus iad á n-úsáid ón méisiliteach.
Bunaíodh an chéad timpeallán sa bhaile mór timpeall tuama ón neoiliteach (darbh ainm 'Ceathrú na Mainistreach Thuaidh' i 'mBailtíní na Garbhóige').
- ↑ “Sligeach/Sligo | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.