Selman Waksman
Cuma
Bithcheimicí a rugadh i bPriluka na hÚcráine, a d'oibrigh sna Stáit Aontaithe ab ea Selman Abraham Waksman (22 Iúil 1888 – 16 Lúnasa 1973). Rinne sé taighde ar dhianscaoileadh ábhar orgánach ag miocrorgánaigh. Uaidh sin d'fhionn sé streiptimícin, an chéad fhrithbheathach rathúil i gcoinne na heitinne. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1952 as an éacht seo.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Selman Abraham Waksman". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 702.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |