Scéal Éideapús Rí
Οἰδίπους Τύραννος | |
---|---|
Cineál | saothar drámaíochta |
Údar | Sofaicléas |
Teanga | an tSean-Ghréigis |
Seánra | traigéide Ghréagach |
Suíomh scéalaíochta | An Téibh |
Personatges | |
Carachtair | Éideapús, Jocasta (en) , Créón agus Tiresias (en) |
Céadléiriú | |
Céadléiriú | 429 "RCh" |
Amharclann | Theatre of Dionysus (en) |
Eile | |
Aitheantóir Theatricalia | 971 agus t1 |
|
Scéal de chuid na miotaseolaíochta Gréigí atá in Scéal Éideapús Rí (Sean-Ghréigis: Οἰδίπους Τύραννος, Oidipous Tyrannos; Laidin: Oedipus Rex). De réir mhiotaseolaíocht na Gréige ba mhac do Laius agus Jocasta é Éideapús. Rinneadh tairngreacht go maródh an mac fear céile Jocasta agus go bpósfadh sé í. Mar iarracht ar chosc a chur leis an tairngreacht cheangail Laius rúitíní a mhic le chéile le nach bhféadfadh sé lámhacán a dhéanamh is thug sé do shearbhónta dá chuid é le go dtréigfeadh sé é ar shliabh a bhí i bhfoisceacht don teach.
Tá cineáltas sa searbhónta, áfach, agus tugann sé an leanbh d'aoire ó Chorinth agus tógann teaghlach ríoga ann é is baisteannn siad Éideapús air i ngeall ar na díobhálacha a rinneadh dá rúitíní (Tagann an focal éidéime (agus an leagan Béarla oedema) ón bhfocal Gréigise céanna d’at οἴδημα, nó oedēma.) Nuair a fhaigheann Éideapús amach go mb'fhéidir nach iad a thuismitheoirí bitheolaíocha iad a thuistí déanann sé iarracht ar theitheadh ón rud i ndán dó dar leis an tairngreacht .i. go maródh sé a athair is go bpósfadh sé a mháthair. Casann sé ar a fhíorathair i ngan fhios dó agus comhlíonann sé an tairngreacht dá dheargainneoin féin.
Roghnaíonn muintir Thebes Éideapús mar rí orthu ansin is pósann sé an bhanríon Jocasta ar baintreach anois í. Nuair a thagann an fhírinne chun solais ag deireadh an scéil is iomaí bás a chothaíonn a gcás cráite agus is é an brón atá i ndán do pháistí na beirte gaolta; Eteocles agus Polynices, is éiríonn ina raic eatarthu is maraíonn siad a chéile is cuireann Antagana lámh ina bás féin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin drámaíocht nó dráma é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |