Saola
Cuma
Pseudoryx nghetinhensis | |
---|---|
Stádas caomhnaithe | |
I mbaol criticiúil | |
UICN | 18597 |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Mammalia |
Ord | Artiodactyla |
Fine | Bovidae |
Géineas | Pseudoryx |
Speiceas | Pseudoryx nghetinhensis |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Ainmhí is ea an saola.[1] Cineál anatalóip atá ann agus é gaolta leis na daimh, ba, agus gabhair. Maireann an saola sna hardáin agus sna sléibhte in Oirthear na hInd-Síne, i Laos agus i Vítneam. Ní raibh aon eolas ar an saola (seachas ag daoine áitiúla) go dtí an bhliain 1993, nuair a rinneadh suirbhé in Anaclann (nó Tearmann) Dúlra Vu Quang. ("Damh Vu Quang" a thugtar air an saola freisin.) Fuarthas adharca an tsaola agus eolas faoi ó lucht an cheantair úd. Cé go bhfuil grianghraif de ann anois, níl an saola feicthe beo ag aon eolaí go dtí an lá inniu.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Pseudoryx nghetinhensis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |