[go: up one dir, main page]

Jump to content

Samantha Power

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSamantha Power

(2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Samantha Jane Power Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Meán Fómhair 1970
54 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
28 Ambasadóir na Stát Aontaithe chun na Náisiúin Aontaithe
5 Lúnasa 2013 – 20 Eanáir 2017
← Rosemary DiCarloMichele J. Sison →
Ambasadóir
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Yale
Scoil Dlí Harvard
Ardscoil Lakeside
Coláiste Davenport Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheCaisleán Cnucha
Pittsburgh
Atlanta
Gníomhaíocht
Réimse oibreCatagóir:Cearta na mban, LGBT+ rights (en) Aistrigh, saoirse creidimh, dídeanaí, gáinneáil ar dhaoine, cearta daonna, daonlathas, na Cogaí Iúgslavacha, cinedhíothú, polasaí eachtrach, litríocht neamhfhicsin, gníomhaíochas agus taidhleoireacht
Gairmiriseoir, gníomhaí ar son chearta an duine, gníomhaí polaitiúil, scríbhneoir, taidhleoir, oideolaí, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirCarr Center for Human Rights Policy (en) Aistrigh, stiúrthóir feidhmiúcháin
Boston Globe
The Economist
U.S. News & World Report
Ollscoil Harvard, múinteoir ollscoile
Rialtas Feidearálach Stáit Aontaithe Mheiriceá, senior advisor (en) Aistrigh
The New Republic Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaan Páirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Ghlac sé/sí páirt i
16 Eanáir 2023Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2023
21 Eanáir 2004Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2004 Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileCass Sunstein (2008–) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
1 Meitheamh 2012breith clainne
24 Aibreán 2009breith clainne
4 Iúil 2008pósadh (Mórchuaird Chiarraí)
1979immigration to the United States (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinsamanthapower.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm2106959 Allocine: 233520 Rottentomatoes: celebrity/samantha-power Allmovie: p493600
Facebook: AmbassadorPower Twitter: SamanthaJPower Instagram: samanthajpower TED: samantha_power Cuir in eagar ar Wikidata

Acadóir, údar agus taidhleoir Meiriceánach is ea Samantha Power, a rugadh ar 21 Meán Fómhair 1970 i mBaile Átha Cliath, in Éirinn. Faoi láthair, is í ambasadóir na Stát Aontaithe chuig na Náisiúin Aontaithe í.

Chuir sí tús lena saol gairmiúil mar iriseoir ag tuarascáil faoi Chogaí na hIúgsláive. Ó 1998 go 2002, d'oibrigh Powers mar stiúrthóir feidhmiúcháin bunaithe ar an Carr Center for Human Rights Policy insan Harvard Kennedy School. Ba ise chéad Ollamh Anna Lindh um Chleachtas Ceannaireachta Domhanda agus Beartas Poiblí sa scoil chéanna. Bhí sí ina chomhairleoir sinsearach don Seanadóir Barack Obama go dtí mí Márta 2008, nuair a bhí uirthi éirí as a fheachtas uachtaránachta i ndiaidh di Hillary Clinton a cháiliú mar "arrachtach".[1]

Thosaigh Power ag obair mar bhall de idirfhoireann Obama do Roinn Stát na Stát Aontaithe i mí na Samhna, 2008. Bhí Power ina Chomhairleoir Speisialta don Uachtarán agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin um Ghnóthaí Ilthaobhacha agus Chearta Daonna ar an gComhairle Éigeandála Náisiúnta ó Eanáir na bliana 2009 go Feabhra na bliana 2013.[2]

A luathshaol agus oideachas

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Power i mBaile Átha Cliath do Vera Delaney, dochtúir duáin agus haca páirce idirnáisiúnta, agus do Jim Power, fiaclóir agus seinnteoir pianó.[3][4] Tógadh in Éirinn í go dtí go raibh sí 9 mbliana d'aois: i gCaisleán Cnucha a chónaigh sí agus chuaigh sí go Scoil Montessori Mount Anville, Baile na nGabhar, Átha Cliath,[5] gur chuaigh a tuismitheoirí ar imirce go Pittsburgh, Pennsylvania sa bhliain 1979.[6] D'fhreastail sí ar Lakeside High School in Atlanta, Georgia, mar a raibh sí ina ball den fhoireann trastíre agus den fhoireann cispheile. Bhain sí céimeanna amach in Ollscoil Yale agus i Scoil Dlí Harvard.[7] Sa bhliain 1993, in aois a 23 bliana, ghlac sí saoránacht na Stát Aontaithe.

Saol pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós Power Cass Sunstein tar éis aithne a chur air ag obair ar fheachtas Obama sa bhliain 2008. Tá beirt mhac acu, Declan agus Rian.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]