[go: up one dir, main page]

Jump to content

Saint-Pierre-et-Miquelon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSaint-Pierre-et-Miquelon
Bratach
Bratach

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnLa Marseillaise Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«A mare labor» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 46° 49′ 30″ N, 56° 16′ 30″ O / 46.825°N,56.275°W / 46.825; -56.275
Stát ceannasachan Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Exclave dean Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Iamhchríoch laistigh deCeanada Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairSaint-Pierre Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán5,974 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús24.69 hab./km²
Teanga oifigiúilan Fhraincis
an Bhascais Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla242 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uiscean tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Airde240 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMorne de la Grande Montagne (en) Aistrigh (240 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1700
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaisoverseas collectivity of France (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachTerritorial Council of Saint Pierre and Miquelon (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Ceannaire an rialtaisStéphane Artano Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
AirgeadraEuro Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist97500 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.pm agus .fr Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+508 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tírePM Cuir in eagar ar Wikidata
Cód ISO 3166-2FR-PM Cuir in eagar ar Wikidata
Cód INSEE975 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinspm-ct975.fr Cuir in eagar ar Wikidata

Oileánrach beag de chuid na Fraince san Atlantach Thuaidh is ea Comhroinn Chríochach Saint-Pierre-et-Miquelon (Fraincis: Collectivité territoriale de Saint-Pierre-et-Miquelon). Is iad Saint-Pierre agus Miquelon an dá oileán is tábhachtaí den naoi n-oileán sa ghrúpa. Bhíodh an tOileán Langlade inchurtha le Miquelon ó thaobh achar de, ach tá an dá oileán ceangailte anois trí mheán caol talún. (Miquelon-Langlade a thugtar orthu uaireanta.) Tá Saint-Pierre-et-Miquelon suite taobh ó dheas ón gcúige Ceanadach Talamh an Éisc agus Labradar. Tá timpeall is 10 gciliméadar eatarthu ag an bpointe is caoile. Tá 6,125 duine ina gcónaí ann. Is é baile beag Saint-Pierre, ar Oileán Saint-Pierre, an príomhbhaile.

An chearnóg i lár bhaile Saint Pierre

Is é Saint-Pierre-et-Miquelon an t-aon iarsma de shean-impireacht na Fraince i Meiriceá Thuaidh le fada an lá. Bhíodh sé mar nós ag iascairí Bascacha fanacht ar an oileán san 16ú haois agus d’fhás pobal Francach ann san 17ú haois. Tugtar stádas sa Fhrainc ar Saint-Pierre-et-Miquelon mar chomhroinn thar lear inniu.

Tá vóta ag muintir Saint-Pierre-et-Miquelon i dtoghcháin uachtaránachta na Fraince. I dtoghcháin na bliana 2017, ar an 8ú Bealtaine, vótáil 63.3% ar son Emmanuel Macron agus vótáil 36.7% ar son Marine Le Pen. Vótáil 56% de mhuintir na hoileáin sa toghchán is déanaí ach bhí 5.6% do na vótaí millte agus bhí 11% eile bán.

http://graphics.france24.com/results-second-round-french-presidential-election-2017/