Nancy Pelosi
Is Spéicéir Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe í Nancy Patricia D'Alesandro Pelosi (ar 26 Márta, 1940 a rugadh í). Ionadaí í de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh chuig Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe, ar son an Ochtú Ceantar Comhdhála i gCalifornia, a chuimsíonn an chuid is mó de chathair San Francisco.
Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Saolaíodh i mBaltimore, Maryland í mar Nancy Patricia D'Alesandro. Ba iad Anunciata M. (“Nancy”) agus Thomas D’Alesandro a tuismitheoirí. Ba bhall de Chomhdháil na Stát Aontaithe é a hathair. Bhí sé ina mhéara ar Baltimore freisin, roimhe sin.
D’fhreastail Nancy Pelosi ar an Institute of Notre Dame, ardscoil Chaitliceach do chailíní, i mBaltimore. Bhain sí céim bhaitsiléara san eolaíocht pholaitiúil amach ag Trinity College (Ollscoil Trinity Washington inniu) in Washington, D.C. sa bhliain 1962.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Spéicéir Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe (nó Ceann Comhairle) a bhí inti sa 110-111ú Comhdháil (2007-2011). Thogh a comhbhaill Dhaonlathacha sa Teach í mar Cheannaire an Mhionlaigh don 112ú Comhdháil, a thosaigh i mí Eanáir, 2011.
Mar Cheann Comhairle, ba í an dara duine (i ndiaidh an leasuachtaráin) mar chomharba ar uachtarán na Stát Aontaithe mura mbeadh sé seo ábalta a chuid cúraimí a chomhlíonadh.
Ba í an chéad bhean san oifig sin agus, mar sin, ba í an bhean is airde oifig i stair SAM go dtí 2021, nuair a ceapadh Kamala Harris mar leasuachtarán. (Is í an chéad duine as California agus an chéad duine de shliocht Iodálach sa phost sin freisin.)
Chuaigh John Boehner ina háit mar Cheann Comhairle san 112ú Comhdháil.
Conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Lúnasa 2022, tháinig Pelosi chuig an Téaváin, ar an bpolaiteoir Meiriceánach is sinsearaí le cuairt a thabhairt ar an Téaváin le fada an lá, agus d'ainneoin an fholáirimh a bhí tugtha ag Rialtas na Síne di gan cos a leagan ar an oileán.[1]
I gcruinniú a bhí aici le hUachtarán na Téaváine Tsai Ing-wen, mhaígh Pelosi go bhfuil an Téaváin ar cheann de na sochaithe is saoire ar domhan agus gheall sí nach loicfeadh na Stáit Aontaithe ar an tír go brách. Dúirt Pelosi go bhfuil deis ann an comhar eacnamaíochta idir na Stáit Aontaithe agus an Téaváin a neartú i bhfianaise reachtaíochta nua in Washington.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2022-08-03). "Cuairt Nancy Pelosi ar an Téaváin cáinte ag an tSín" (as ga-IE).
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Speaker of the House suíomh oifigiúil don Cheann Comhairle
- U.S. Congresswoman Nancy Pelosi An Teach