Lucy Letby
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 Eanáir 1990 34 bliana d'aois Hereford, England |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Chester - Bachelor of Science (Honours) (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | sraithmharfóir (2015–2016), altra cláraithe (2011–2018) |
Fostóir | Countess of Chester Hospital (en) (2011–2018) |
Teangacha | Béarla |
Eile | |
Ciontaíodh i | dúnmharú (2023) iarracht ar dhúnmharú (2023) |
Croineolaíocht | |
Meitheamh 2015-Meitheamh 2016 | Countess of Chester Hospital baby murders (en) |
Banaltra naíonáin nuabheirthe Sasanach agus dúnmharfóir srathach is ea Lucy Letby (a rugadh ar 4 Eanáir 1990), a ciontaíodh i seachtar leanaí a dhúnmharú le linn na 2010idí.[1]
Na híospartaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí cúpla agus dís tríríní i measc na naíonán a mharaigh sé. Mharaigh sí freisin beirt leathchúplaí as dhá chúpla éagsúla agus rinne sí iarracht an bheirt eile sa dá chúpla céanna a mharú.[1] B'fhéidir go bhfuil na híospartaigh seo an chuid is lú den scéal.[2]
Ní raibh aon chúis nádúrtha leis na leanaí a bheith ag dul in ainseal. Maíodh gur iomaí slí a bhí ag an mbanaltra leis na leanaí a dhonú agus a mharú. D'instealladh sí aer ina sruth fola agus ina mboilg, nimhíodh sí iad le hinslin, thugadh sí i bhfad an iomarca bainne dóibh agus d'ionsaíodh sí iad ar shlite eile chomh maith.[3]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig ardú suntasach in 2015 agus arís in 2016 ar an líon naíonán tinn a bhí ag éirí níos tinne fós, gan choinne, sa bharda le haghaidh leanaí nuabheirthe san ospidéal Countess of Chester Hospital, Cheshire in iarthuaisceart Shasana.[3] Bhí Letby ag obair ann agus bhí cúpla duine in amhras fúithi ag an am. Ach d'iarr an bhainistíocht orthu "éirigh as an bhfústráil" [4] ar dtús. Faoi dheireadh, aistríodh í chuig obair chléireachais 'saor ó riosca' níos déanaí sa bhliain 2016.
I mí Eanáir 2017, b'éigean do na comhairleoirí péidiatraiceacha tarraingt siar go maolchluasach; b'éigean dóibh leithscéal scríofa gan náire a dhéanamh le Letby.[5]
Tamall ina dhiaidh sin, sa bhliain 2017, tháinig fianaise staitistiúil chun solais go raibh rud éigin amú.[6] Fós bhí an bhainistíocht ag gníomhú chun Letby a chosaint agus ní raibh na feidhmeannaigh ag iarraidh fios a chur ar na póilíní. Ach tháinig sé chun solais gurbh í Letby an t-aon duine amháin den fhoireann leighis a bhí ar dualgas sa bharda gach aon uair a d'éirigh naíonán an-tinn ar fad. I mí Bealtaine 2017, rinne na póilíní idirghabháil faoi dheireadh.[7]
I mí Lúnasa 2018, d'éirigh an feidhmeannach mórchumhachta Ian Harvey as, agus tháinig an Dr Susan Gilby isteach mar stiúrthóir.[8] Dúirt Harvey le Gilby ag an am, is cosúil, go mbeadh uirthi dul i dteagmháil le Comhairle na nDochtúirí Leighis chun gearán a dhéanamh faoi na lianna.
Cóir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gabhadh Letby den chéad uair ar 3 Iúil 2018. Cuireadh tús le triail Letby i mí Dheireadh Fómhair 2002 agus phléadáil sí neamhchiontach sna cionta ar fad a bhí curtha ina leith.
Níor chuidigh na nótaí a fuarthas ina teach lena cás. I gceann de na nótaí a bhí scríofa ar bhileoigín aici, thug sí le fios gur mharaigh sí na naíonáin d'aon ghnó mar, dar léi, nár dhuine sách maith í chun aire a thabhairt dóibh. Scríobh sí gur dhuine olc a bhí inti agus nach raibh an bheatha shaolta seo tuillte aici. Ar 18 Lúnasa 2023 i Manchester Crown Court, fuarthas Letby ciontach i seachtar naíonán a dhúnmharú agus in iarracht a dhéanamh seisear naíonán eile a dhúnmharú in ospidéal i gcathair Chester. Mhaígh an t-ionchúiseamh sa triail gur dhuine fuarchúiseach í Letby a bhain mí-úsáid as breoiteacht na mbunóc a bhí faoina cúram lena cuid gníomhartha a cheilt.
Dhiúltaigh Letby teacht os comhair na cúirte nuair a gearradh an phianbhreith uirthi ar 21 Lúnasa. Bhí sé ordaithe go gcaithfeadh an bhanaltra an chuid eile dá saol sa phríosún, gan cead aici iarratas a dhéanamh ar pharúl as seo go deireadh a saoil. Feachtas cruálach, faltanasach agus fuarchúiseach in aghaidh leanaí soghonta a bhí ann, arsa an breitheamh. Ní raibh aon aiféala ar Letby agus ní raibh aon imthosca maolaitheacha ann, a dúirt sé.[1]
2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig Letby os comhair na cúirte in 2024 agus í ag iarraidh achomhairc.[9]
Fiosrúchán
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'ordaigh Rialtas na Breataine go ndéanfaí fiosrúchán neamhspleách faoin gcás.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2023-08-21). "Lucy Letby chun an chuid eile dá saol a chaitheamh i bpríosún" (as ga=IE).
- ↑ Crime Scene 2 Courtroom / Youtube (2023). "Lucy Letby - How Many More Victims ?" (as en).
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Nuacht RTÉ (2023-08-18). "An bhanaltra Lucy Letby ciontaithe i seachtar leanaí a dhúnmharú" (as ga-IE).
- ↑ "Hospital bosses ignored months of doctors' warnings about Lucy Letby" (en-GB). BBC News (2023-08-18). Dáta rochtana: 2023-08-19.
- ↑ Josh Halliday, Josh Halliday North of England correspondent (2023-08-19). "Doctors were forced to apologise for raising alarm over Lucy Letby and baby deaths" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-08-19.
- ↑ Bill Gleeson (2017-06-25). "Death rate at Countess of Chester maternity unit among highest in country" (en). CheshireLive. Dáta rochtana: 2023-08-18.
- ↑ Mark Duell (2023-08-21). "How hospital bosses refused to believe Lucy Letby was behind deaths". Mail Online. Dáta rochtana: 2023-08-22.
- ↑ David Holmes (2020-02-01). "Exclusive chat with Chester hospital boss Dr Susan Gilby" (en). CheshireLive. Dáta rochtana: 2023-08-19.
- ↑ Emer Moreau / Seachtain (2024-04-26). "Killer Lucy Letby os comhair na cúirte arís in appeal bid" (en). Irish Independent. Dáta rochtana: 2024-05-06.