Ola fiúsail
Cuma
Ábhar orgánach a fhaightear le héatanól trí choipeadh is ea ola fhiúsalach. Den chuid is mó, alcóil le maiseanna móilíneacha arda a bhíonn ann, 3-5 adamh carbóin iontu. Má bhíonn tiúchan an-íseal díobh inti, tugann siad a bhlas sainiúil do dheoch choipthe, bíodh sin taitneamhach nó a mhalairt. Má bhíonn tiúchan ard inti, is féidir go gcuirfidh sé tús le tart is tinneas cinn.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ola fhiúsalach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 495.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |