Julia Child
Cócaire, údar agus pearsantacht Meiriceánach ab ea Julia Carolyn Child (née McWilliams; 15 Lúnasa 1912 – 13 Lúnasa 2004). Cuimhnítear uirthi as cócaireacht na Fraince a chur os comhair na ndaoine sna Stáit Aontaithe lena leabhar cócaireachta úd, Mastering the Art of French Cooking, agus leis na cláracha teilifíse léi a tháinig ina dhiaidh, go mór mór The French Chef, a chuaigh ar an aer den chéad uair sa bhliain 1963.
Luashaol agus oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mar Julia Carolyn McWilliams a rugadh Child in Pasadena, California, iníon John McWilliams, Jr., céimí Ollscoil Princeton agus bainisteoir talún, agus a bhean chéile, Julia Carolyn ("Caro") Weston, oidhrí comhlacht mhór páipéira raibh a hathair féin ina leasghobharnóir ar Massachusetts. Ba í Julia an duine ba shine de thriúr páistí[1]: John McWilliams III (1914–2002) a deartháir, agus Dorothy Dean Cousins (1917–2006) a deirfiúr.
Chuaigh Child ar scoil i gCalifornia, ar scoil chónaí i gcás na hardscoile, an Branson School in Ross, California[2] Bhí Child sé throigh (1.88m) ar airde agus go maith ag spóirt; d'imir sí leadóg, galf, agus cispheil agus í ina páiste agus i gColáiste Smith ní ba dhéanaí.[3]
Agus Julia ag fás aníos bhí cócaire ag a teaghlach sa teach, ach níor fhoghlaim sí aon chócaireacht ón gcócaire. Dhéanadh a seanmháthair taoschnónna agus crullers. D'fhoghlaim Child an chócaireacht i ndiaidh bualadh le Paul, mar b'as teaghlach eisean a chuir an-spéis i mbia.[4]
Nuair a bhí a céim tríú leibhéil bainte amach aici, thug Child aghaidh ar Chathair Nua-Eabhrac. D'oibrigh sí mar chóipscríbhneoir i roinn na fógraíochta ag W. & J. Sloane, gnólacht a dhíol troscán do dhaoine rachmasacha. D'fhill sí go California i 1937, agus chaith sí cheithre bliana ag scríobh d'fhoilsicháin áitiúla, agus ag obair go deonach le Junior League Phasadena.[5]
Gairmshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn an Dara Cogadh Domhanda, rinne Julia Child iarracht dul isteach sna ranna ban san Arm (na "WACs") aus san Chabhlach ("WAVE"s) ach theip uirthi os rud í a bheith ró-ard. Sa deireadh, fuair sí post san OSS (an Oifig Fhaisnéise Rúnda). Chuir an OSS í go Kunming, sa tSín, agus ba ansin a chuir sí aithne ar an bhfear a phós sí, Paul Cushing Child, a bhí fostaithe ag an OSS freisin. Chaith siad tamall ag obair in Kandy, sa tSiolóin (Srí Lanca inniu).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ The Biography of Julia Child, Noel Riley Fitch, pg. 169, paragraph 2..."Dorothy (at six feet four)"
- ↑ "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}" (2006). Lexington: University Press of Kentucky. Dáta rochtana: 12 August 2014.
- ↑ Teimpléad:Cite video
- ↑ "Fresh Air with Terry Gross, October 7, 1983: Interview with Julia Child.". Cartlannaíodh an bunleathanach ar Deireadh Fómhair 11, 2016. Dáta rochtana: Deireadh Fómhair 27, 2016. “"Is féidir éisteacht leis an agallamh ach scrolladh síos go 'View online'."”
- ↑ "The Junior League Asks: So What Else Was Julia Child Known For?". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-10-27. Dáta rochtana: 2016-10-27. Dáta rochtana: 27-10-2016
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cistin Julia Child ag an Smithsonian Institution, arna rochtain ar 27 D.F. 2016
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |