John Barth
Ainm sa teanga dhúchais | (en) John Simmons Barth |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 27 Bealtaine 1930 Cambridge (Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
Bás | 2 Aibreán 2024 93 bliana d'aois Bonita Springs (Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Juilliard Ollscoil Johns Hopkins - Máistir Ealaíon |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Litríocht agus litríocht iar-nua-aoiseach |
Gairm | scríbhneoir, úrscéalaí, múinteoir ollscoile |
Tréimhse oibre | 1956 – 2024 |
Fostóir | Ollscoil Johns Hopkins Ollscoil Bhostúin Ollscoil Buffalo Ollscoil Stáit Pennsylvania |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas | |
Scríbhneoir iar-nua-aoiseach Meiriceánach ba ea John Simmons Barth, a rugadh ar 27 Bealtaine 1930 in Cambridge, Maryland. Bhí sé aitheanta mar dhuine de na príomhphearsana ag scríobh meitificsin sna Stáit Aontaithe.
Rinne John Barth staidéar ar feadh tamall sa Scoil Juilliard, scoil cheoil, i gCathair Nua-Eabhrac agus ansin in Ollscoil Johns Hopkins in Baltimore, Maryland. Bhronn an scoil seo céim baitsiléara air sa bhliain 1950 agus céim máistreachta sa bhliain 1951.
Bronnadh an National Book Award air sa bhliain 1973 as an úrscéal sin leis, Chimera. Chaith sé blianta ina ollamh le Béarla, in Pennsylvania State University ó 1953 go 1965, in State University of New York in Buffalo ó 1965 go 1973 agus in Johns Hopkins ó 1973 go 1995. D'éirigh sé as an múinteoireacht sa bhliain 1995, agus fuair sé bás ar an 2 Aibreán 2024.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |