[go: up one dir, main page]

Jump to content

France Castel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFrance Castel
Beathaisnéis
Breith31 Lúnasa 1944
80 bliana d'aois
Sherbrooke, Quebec Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir, cumadóir amhrán, pearsa raidió, láithreoir teilifíse, dírbheathaisnéisí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirCanadian Broadcasting Corporation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0144583 Allocine: 14372 Allmovie: p215120
Musicbrainz: 476c32d9-37f5-4015-8d07-64b26bb9e395 Discogs: 1589892 Allmusic: mn0002303031 Cuir in eagar ar Wikidata

Amhránaí, aisteoir, óstach raidió agus láithreoir teilifíse in Québec is ea France Castel, a rugadh mar Francine Bégin ar an 31 Lúnasa 1944 i Sherbrooke, Québec.[1]

Óige agus tús gairme

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí France Castel ag rá amhrán as a óige agus ba ghearr go raibh sí páirteach sa tsiamsaíocht. Sna 1960idí bhí sí ina haonréadaí ag Les gamins, grúpa ceoltóirí óga ó Sherbrooke.

I samhradh na bliana 1967, bliain Iltaispeántas 1967, bhí ina hóstach ar Les Couche-tard, clár teilifíse a mbíodh tóir air.[2].As sin amach thugadh sí France Castel uirthi féin.

Tar éis di bualadh leis an gceoltóir Roger Gravel, thaifead Castel (in 1969) na chéad amhráin a chum sí féin.

As na 1970idí amach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail sí le Christine Charbonneau i 1970. Sa tréimhse sin bhí ag éirí thar cionn le Castel. Ba í Charbonneau a scríobh di Du fil des aiguilles et du coton[3], Château de sable[4], Sur le pont, Je le vois dans ma soupe[5], Dominique, Au fond de nous, L'amitié agus mórán amhrán eile. Bhí an-éileamh ar chuid acu in Québec.[6]. Bhí siad ag obair le chéile ar feadh timpeall cúig bliana.[7]. I 1975 dúirt Castel roinnt amhrán le Luc Plamondon.

Thréig Castel amhráin Charbonneau agus tharraing cinn nua chuici ó scríbhneoirí eile, mar aon le hamhráin a scríobh sí féin.[8]. Thug sí a haghaidh ar na gormacha,[9] agus d’fhág sin a rian ar a cuid amhránaíochta as sin amach.

Ó 1979 amach rinne sí páirteanna ina lán drámaí teilifíse, agus ba chuid suntais í mar aisteoir ina lán scannán: La Comtesse du Bâton Rouge (1997), Crème glacée, Chocolat et autres Consolations (2001), Karmina (1996) agus eile[10].

Le cloisteáil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

France Castel – “Un soir de décembre”: [1]

France Castel – “Je le vois dans ma soupe”: [2]

France Castel – “Un chagrin d'amour”: [3]

France Castel – “Château de sable”: [4]

  • 1972 : Toi et moi amoureux, (en duo avec Jean-Beaulne) Disques Profil
  • 1973 : France Castel, Disques Profil Du fil, des aiguilles et du coton
  • 1973 : France Castel, Disques Profil, Adapt. angl. de l'album Du fil des aiguilles et du coton (To one and all), agus amhráin eile
  • 1973 : Je le vois dans ma soupe, Disques Image
  • 1974 : Moi j'veux pas déranger personne, Disques Image
  • 1975 : Quand on aime on a toujours 20 ans, Disques Barclay
  • 1976 : En corps à cœur, Disques Pléiade/Polydor
  • 1977 : Noël disco, Disques Promoson
  • 1981 : Starmania made in Québec, Disques Beaubec
  • 1993 : Brel Québec, Disques Quark
  • 1975 : Collection France Castel, Du fil des aiguilles et du coton, (album double) Disques Trans-World
  • 2000 : Disque compilation Amoureuse, France Castel, Du fil des aiguilles et du coton, (album double) Disques Mérite
  • 2001 : Castel, Beaulne, François & Liette CD, Disques Mérite
  • 2002 : Le cabaret des refrains volume 2, Disques GSI Musique
  1. "biographie">France Castel Curtha i gcartlann 2013-08-27 ar an Wayback Machine (site officiel).
  2. http://ici.radio-canada.ca/emissions/priere_de_ne_pas_envoyer_de_fleurs/2011-2012/document.asp?idDoc=203045%7CÉmission du 1er mars avec France Castel: Société Radio-Canada
  3. "« France Castel, Palmarès, Du fil des aiguilles et du coton »". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-04-25. Dáta rochtana: 2015-07-13.
  4. France Castel Curtha i gcartlann 2014-02-27 ar an Wayback Machine Disques Mérite
  5. ""France Castel, Palmarès, Je le vois dans ma soupe". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-04-25. Dáta rochtana: 2015-07-13.
  6. ""France Castel, Du fil des aiguilles et du coton, Je le vois dans ma soupe, Château de sable"". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-04-25. Dáta rochtana: 2015-07-13.
  7. "Discographie de France Castel". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-04-26. Dáta rochtana: 2015-07-13.
  8. France Castel Curtha i gcartlann 2011-03-14 ar an Wayback Machine, leparolier
  9. ""France Castel chante le rythm and blues à ses débuts"". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-10-10. Dáta rochtana: 2015-07-13.
  10. France Castel, Au cinéma, nominations comme meilleure actrice dans les films suivants...", cinemotions