[go: up one dir, main page]

Jump to content

Fótaiteiripe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le fótaiteiripe ná nochtadh na colainne do sholas fionnuar gorm (tonnfhaid 420-80 nm), saor ó sholas ultraivialait. Úsáidtear í chun cóireáil ar bhuíochán an naíonáin nuabheirthe.

Cabhraíonn sí chun an lí bilearúibin a dhíghrádú ina tháirgí atá intuaslagtha in uisce, ionas gur féidir iad a dhíbirt sa bhfual.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fótaiteiripe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 285.