[go: up one dir, main page]

Jump to content

Críocha an Iarthuaiscirt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCríocha an Iarthuaiscirt
Northwest Territories (en)
Territoires du Nord-Ouest (fr)
ᓄᓇᑦᓯᐊᖅ (iu)
Dënéndeh (mis) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«luach ar iarraidh» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósnorthwest (en) Aistrigh agus Dene (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 67° N, 121° O / 67°N,121°W / 67; -121
Stát ceannasachCeanada Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairYellowknife Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán41,070 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús0.03 hab./km²
Teanga oifigiúilan tSiopúáinis
an Chraís
Béarla
an Fhraincis
an Ghoitsinis
an Ionúineactais
an Ionúitis
Inuvialuktun (en) Aistrigh
Sléivis an Tuaiscirt
Denetaca (en) Aistrigh
an Dograibis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla1,346,106 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uiscean tAigéan Artach Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMount Nirvana (en) Aistrigh (2,773 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is íslean tAigéan Artach (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
British Columbia (1871–)
Yukon (1898–)
Alberta (1905–)
Saskatchewan (1905–)
Nunavut (1999–) Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síRupert's Land (en) Aistrigh, North-Western Territory (en) Aistrigh, District of Keewatin (en) Aistrigh, British Arctic Territories (en) Aistrigh agus Mackenzie District (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú15 Iúil 1870
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaiscóras parlaiminteach agus consensus government in Canada (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas Chríocha an Iarthuaiscirt Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachReachtas Chríocha an Iarthuaiscirt Cuir in eagar ar Wikidata
• Premier of the Northwest Territories (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataRocky Simpson (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil4,322,000,000 $ (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadradollar Cheanada Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistX0E, X1A agus X0G Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2CA-NT Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáingov.nt.ca Cuir in eagar ar Wikidata
GitHub: GNWT

Is críoch chónaidhme de chuid Cheanada é Críocha an Iarthuaiscirt (Fraincis: les Territoires du Nord-Ouest, Béarla: Northwest Territories).

Geografaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Críocha an Iarthuaiscirt suite i dtuaisceart Cheanada, ag críochantacht leis an dá chríoch Cheanadacha eile: an Yukon ar an dtaobh thiar agus Nunavut ar an taobh thoir, agus le trí chúige: le An Cholóim Bhriotanach ar an dtaobh thiar theas, agus le hAlberta agus Saskatchewan ó dheas.

Sléibhte Richardson agus Mórbhealach Dempster i gCríocha an Iarthuaiscirt

Is í an Abhainn Mackenzie an abhainn is faide i gCeanada. Téann sí ó thuaidh agus isteach san Aigéan Artach. Tá cúrsa na habhann ina iomlán taobh istigh de Chríocha an Iarthuaiscirt, cé go n-éiríonn cuid dá chraobhaibhneacha i Yukon nó sna cúigí ó dheas. Tá Great Bear Lake agus Great Slave Lake sa chríoch chomh maith. Is é Great Bear Lake an loch is mó atá go hiomlán taobh istigh Cheanada. Is é Great Slave Lake an loch is doimhne (614 méadar nó 2,014 troighe ar doimhneacht) sa tír. Sliabh Nirvana an sliabh is airde (2,773m nó 9,098 tr ar airde), agus é suite ar theorainn Yukon.

Bíonn aeráid fho-Artach sa chuid is mó de Chríocha an Iarthuaiscirt. Aeráid Artach nó pholach a bhíonn ar an gcósta thuaidh agus sna hOileáin Artacha. Is iad na príomhoileáin ná Oileán Banks, Oileán Borden, Oileán Prince Patrick, agus codanna d'Oileán Victoria agus Oileán Melville.

Seo shíos na máthairteangacha is coitianta sa na Críocha Iarthuaiscirt i 2006.

1 Béarla 31,545 77.5%
2 Dogrib (Tłı̨chǫ) 1,950 4.8%
3 South Slavey 1,285 3.2%
4 Fraincís 975 2.4%
5 North Slavey 835 2.1%
6 Ionúitis 695 1.7%
7 Tagálaigis 505 1.2%
8 Chipewyan 390 1.0%
9 Vítneaimis 305 0.8%
10 Sínis 260 0.6%
11 Craís 190 0.5%
11 Gwich'in 190 0.5%
13 Inuinnaqtun 55 0.1%

Bhí pobail Ionúiteacha agus Indiacha ina gcónaí ar feadh roinnt mílte bliana san áit ina bhfuil Críoch an Iarthuaiscirt anois agus ní hionann lena lán áiteanna eile i gCeanada fanann siad in a dtromlach, más ar éigin, sa lá inniu. Tá áit thábhachtach acu i saol na críche i gcónaí.

Tháinig na chéad Eorpaigh go dtí Críocha an Iarthuaiscirt sna 1570idí (Martin Frobisher) agus sa bhliain 1610 (Henry Hudson). Má's ar éigin a leag siad a gcos ar bhruach thiar Bhá Hudson, áfach, thaispeáin siad an bealach siar agus ó thuaidh dona lán daoine eile, idir thaiscéalaithe, ghaisteoirí, agus thrádálaithe. Sa bhliain 1670, thug an Rí Séarlas II cairt don Hudson's Bay Company (BC) ar na limistéirí timpeall bhruacha Bhá Hudson, thiar agus thoir. An chéad Eorpach a thaiscéal an chuid sin den tír a bheadh taobh istigh de theorainneacha Chríoch an Iarthuaiscirt inniu, b’shin Samuel Herne. Sa bhliain 1770, agus é fostaithe ag an HBC, thug sé a aghaidh ar na bólaí ó thuaidh ag tosnú ag Churchill (in Manitoba an lá inniu). Shroich sé béal na Abhann Coppermine sa bhliain ina dhiaidh sin; thaiscéal sé an tír timpeall Great Slave Lake ar a bhealach ar ais. Sa bhliain 1789, lean taiscéalaí Albanach darbh ainm Alexander Mackenzie abhainn a thugtar an Mackenzie uirthi inniu ó thuaidh go dtí an tAigéan Artach. Tháinig na trádálaithe fionnaidh ar a shála, agus mar thoradh air sin fuair breis is leath de na daoine bundúchasacha bás le galair an tseandomhain.[1]

Wekweeti, baile beag i gCríocha an Iarthuaiscirt

Bhí an chríoch faoi ainm is a bheith faoi smacht an Hudson’s Bay Company go dtí an bhliain 1870, nuair a ghlac rialtas Thiarnas Cheanada seilbh ar na críocha úd agus cuireadh Críocha an Iarthuaiscirt orthu. Limistéar an-mhór a bhí i gceist, ó na Sléibhte Creagacha soir go dtí Leithnis Labradar san oirthear agus ó dheas in áiteanna go dtí teorainn na Stát Aontaithe. Sa bhliain 1880, cuireadh na hOileáin Artacha san áireamh freisin. Baineadh de limistéar na críche roinnt uaireanta freisin, go mór mhór nuair a cuireadh na cúigí nua ar bun ar na machairí ó dheas. Idir na blianta 1925 agus 1999, bhí 3,439,296 km2 (1,327,920 míle cearnacha) d'achar ann – níos mó ná achar India. Ar 1 d'Aibreán 1999, scaradh na trí chúigiú is faide soir den chríoch agus rinneadh críoch nua, Nunavut, de.

Thiar sa bhliain 1877, rinne rialtas Chríocha an Iarthuaiscirt teanga oifigiúil den Fhraincis in éineacht leis an mBéarla, cé nach raibh cainteoirí Fraincise líonmhar ariamh ann. Chuir sé sin tús le díospóireacht a d'éirigh searbh uaireanta agus sa bhliain 1892 baineadh an stádas oifigiúil den Fhraincis. Sna 1980idí luatha, chuir rialtas feidearálach Cheanada brú ar pharlaimint na críche an Fhraincis a dhéanamh oifigiúil arís, agus thosaigh na seanargóintí arís. Bhí an bua ag an rialtas náisiúnta an uair seo. D'éiligh lucht na Chéad Náisiún (.i., na bundúchasaigh), áfach, na cearta céanna dona dteangacha féin, rud a fuair siad. Tá 11 teanga oifigiúil i gCríocha an Iarthuaiscirt inniu, mar atá Béarla, Chipewyan, Cree, Dogrib (Tłįchǫ), Fraincis, Gwich'in, Inuinnaqtun, Inuktitut, Inuvialuktun, Slavey Thuaidh, agus Slavey Theas.

Sneachta á bhaint de phríomhshráid Yellowknife

Tógadh aerpháirceanna chomh maith le calafoirt ar an Abhainn McKenzie mar chuid den iarracht le iarthuaisceart na mór-roinne a chosaint ó na Seapánaigh sa Dara Cogadh Domhanda agus ghlac an rialtas Ceanadach freagracht as baint an raidiam agus úráiniam. Níor tháinig aon laghdú ar thábhacht straitéiseach na Chríocha an Iarthuaiscirt i ndiaidh an bhua ar na Seapánaigh mar tháinig an Cogadh Fuar ina áit. Rinneadh baint na n-acmainní nádúrtha a fhorbairt go mór ó na 1950idí go dtí an lá inniu.

Sna 1950idí freisin shocraigh rialtas Cheanada ar na Bundúchasaigh a chur óna dtailte agus a stíleanna beatha traidisiúnta. Cuireadh scéimeanna tithíochta, sláinte, oideachais, srl. ar siúl ach ba bheag an obair a bhí ar fáil dóibh agus an ba mhór an t-athrú óna a seansaol. Chuir sé sin isteach go mór ar na Bundúchasaigh ar bhealach pearsanta, cultúrtha, eacnamaíoch agus eile.

Ar na hacmhainní nádúrtha i gCríocha an Iarthuaiscirt tá ór, diamaint, peitriliam agus gás nádúrtha. Tá beagnach 20 mianach móra á saothrú. Tairiscítear na diamaint mar mhalairt ar dhiamaint fhola, nó diamaint choibhlinte, na hAfraice.

Ba C$4.675 bn. an olltáirgeacht intíre (OTI) a bhí ag Críocha an Iarthuaiscirt sa bhliain 2012.[2] Tá C$76,000 an duine de OTI sna críocha, an teacht isteach per capita is airde de chúige nó chríoch ar bith i gCeanada.

Mianach diamant Diavik
  1. ”Northwest Territories” Worldbook Encyclopedia (2014) iml. 14, lch 533.
  2. [1] Statistics Canada arna rochtain ar 15 Mí na Samhna 2013

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]