Clamhán (planda)
Cuma
Cuscuta | |
---|---|
Cuscuta europaea | |
Planda | |
Cineál an toraidh | capsúl |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Solanales |
Fine | Convolvulaceae |
Géineas | Cuscuta L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Cuscuta europaea |
Planda seadánach bliantúil, laghdaithe go dtí gas scothdhearg cosúil le snáithe, ag iompar crobhaingí bláthanna bídeacha bána nó bándearga, is ea clamhán.[1] Dúchasach do réigiúin thrópaiceacha is mheasartha. Táirgeann an síol ginidithe fréamh ghearrshaolach is gas féithleannach a chuardaíonn óstach. Nuair a dhéanann sé tadhall leis an óstach, meathann an fhréamh mar nach mbíonn gá le tadhall leis an ithir ansin. Táirgeann an gas diúláin a threánn an t-óstach chun uisce is cothaithigh a shú amach. Feidhmíonn cuid mhaith plandaí mar óstaigh, ina measc barrphlandaí cosúil le leannlus is lion. Is féidir go ndéanfaidh an seadán seo an-damáiste costasach do na barra seo.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Cuscuta” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Clamhán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 142.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |