Ceadaíocht
Cuma
Foirmle |
---|
Is éard is ceadaíocht[1] ann ná tomhas ar an oiread a pholaraíonn (a ailíníonn) na móilíní in ábhar faoi iarmhairt réimse leictrigh. Úsáidtear an tsiombail ε uirthi, agus an t-aonad farad in aghaidh an mhéadair (F m-1). Is ionann ceadaíocht an fholúis is 1/(μ0 c2), nuair is é μ0 tréscaoilteacht mhaighnéadach folúis, agus c luas tairiseach forleata solais i bhfolús: mar sin ε0 = 8.854 × 10-12 F m-1, tairiseach uilíoch a thagann san áireamh arís is arís eile sa leictreachas. Maidir le hábhair thréleictreacha, braitheann ε ar chomhdhéanamh an ábhair is na coinníollacha fisiciúla, agus luaitear mar iolraí ar ε0 í. Tugtar an tairiseach tréleictreach ar na hiolraí seo.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““permittivity” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-03.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ceadaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 122.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin bhfisic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |