[go: up one dir, main page]

Jump to content

Connla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarConnla
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharTochmharc Eimhire agus Father and Son Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
MáthairAoife Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCú Chulainn Cuir in eagar ar Wikidata

Sa Rúraíocht, ba mhac Chú Chulainn é Connla (nó Conlaoch), agus banlaoch na hAlban, Aoife, a mháthair. Thóg a mháthair in Albain é. Tá sé mar phríomhphearsa sa scéal Anbhás Aonmhic Aoife, réamhscéal na mór-eipice, Táin Bó Cúailnge.

Gineadh Connla ag Cú Chulainn agus Aoife, tar éis dó í a chloí ag troid ar son a oiliúnóra, Scáthach. Sula ndeachaigh sé ar ais go hÉirinn, d'iarr Cú Chulainn go gcuire a mhac dó agus é tagtha in aois, ach faoi trí gheis: nár fhille ar ais, nár dhiúltaí dúshlán, agus nár sceithí ainm.

Agus é seacht mbliana d'aois, thaistil Connla go hÉirinn mar a threoraigh a athair dó. Tháinig sé go Dún Dealgán, baile Chú Chulainn. Bhuail Conall Cernach, laoch, leis, a d'fhiafraigh a ainm agus a shliocht de. Dhiúltaigh sé freagra a thabhairt (de dheasca a gheise), agus dá réir sin, thug Conall dúshlán dó (geis eile). Bhain Connla a airm de Chonall, a tugadh náire dó. Tháinig Cú Chulainn ar an bhfód, agus dúirt Connla leis:

"Muna mbeinn faoi cheannas, níl duine ar dhomhan nach n-inseoinn é ná tú féin, óir is grá liom d'aghaidh."[1]

In ainneoin an ionracais, thug Cú Chulainn dúshlán do Chonnla. Sa chomhrac a lean, agus é faoi bhrú a mhic, dhóigh "solas an laoich" (Sean-Ghaeilge lúan láith - gealach an laoich) thart timpeall Chú Chulainn. Leis seo, d'aithin Connla a athair, agus chaith amú a airm. In ainneoin comhairle a mhná chéile, Eimhear, chaith Cú Chulainn an Ga Bolg, a sleá déanta as cnámha ollphéist na mara, agus ghortaigh sé Connla go marfach. Agus é ag fáil báis, dúirt Connla faoi dheireadh a ainm, agus mhol crógacht laochra na hÉireann. Thuig Cú Chulainn, croíbhriste, gur mharaigh sé a mhac féin.

Insítear scéal a bháis sa dán le WB Yeats darb ainm "Cuchulain's Fight with the Sea," foilsithe i 1892.[2] San ath-insint, faightear éagsúlachtaí ar dhóigheanna áirithe le taobh an bhunscéil, ina measc gur mhac Eimhire é seachas Aoife.

  1. Squire, lch. 177.
  2. [1]
  • Squire, Charles. "Celtic Myth and Legend." Newcastle Publishing Co., USA, 1975. Athchló den chéad eagrán, Great Britain, 1905. ISBN 0-87877-029-1.