[go: up one dir, main page]

Jump to content

Veronica Guerin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaVeronica Guerin

Dealbh de Veronica Guerin Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Iúil 1959
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Meitheamh 1996
36 bliana d'aois
M7, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnbhású
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreIriseoireacht
Gairmcuntasóir, scríbhneoir, iriseoir, imreoir sacair Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1990 –
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtIonsaitheoir
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0345944 Find a Grave: 8522205 Cuir in eagar ar Wikidata

B'iriseoir Éireannach í Veronica Guerin (5 Iúil 1958 - 26 Meitheamh 1996).[1][2] Scaoileadh í i luíochán ar thaobh an bhóthair, ar dhébhealach Nás na Rí. Mangairí drugaí a rinne an slad.[3]

Iriseoir iniúchta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna 1990idí, bhí Guerin og obair mar iriseoir imscrúdaitheach leis an Sunday Tribune, agus ansin an Sunday Independent.

Bhí na tuairiscí seo ceannródaíoch, pearsanta agus thar a bheith léargasach. ‘Citizen Journalist’ á baisteadh uirthi le meas agus gean.[4] Rinne sí agallamh eisiacha leis an Easpag Eamonn Casey agus scríobh sí scéal eisiach faoin útamáil a bhain le heiseachadadh Brendan Smyth.

Thosaigh sí ag dul sa tóir ar na mangairí drugaí agus coirpigh eile a bhí gníomhach i mBaile Átha Cliath. Cé gur bhain sí úsáid as leasainmneacha ina cuid iriseoireachta go minic, thosaigh sí ag fáil bagairtí mar gheall ar an obair a bhí á dhéanamh aici.

Sa bhliain 1995, bronnadh an International Press Freedom Award de chuid an 'Committee to Protect Journalists'.[5]

Lámhachadh Guerin don chéad uair agus í sa bhaile ar an 30 Eanáir, 1995.[6] Ba léir go raibh sí i ndainséar. Is mór an t-iontas, ag féachaint siar, nár deineadh a thuilleadh ó thaobh slándála

Adhlacadh Guerin i Reilig Bhaile an Dairdisigh (Dardish), cóngaracht le Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Feallmharaíodh Guerin an bhliain ina dhiaidh sin, agus í ina suí ina hOpel Calibra ag na soilse tráchta ar Mótarbhealach Nás na Rí, cúpla míle amuigh ón gcathair. Ba bheirt fhear a bhí ag taisteal ar ghluaisrothair a rinne an t-ionsaí, sular theith siad go tapaidh ón láthair. D'éag Guerin ar an toirt.

Bhain an dúnmharú brúidiúil creathadh, ní hamháin as iomairí na hiriseoireachta, na polaitíochta agus na coiriúlachta, ach as muintir na hÉireann ar fad. ‘Má táid sásta iriseoir a mharú, táid oiriúnach ar dhuine ar bith a mharú’ tuairim coitianta na tréimhse.[7] "Ionsaí ar an nDaonlathas" a bhí ann, mar a dúirt Taoiseach an lae Seán de Briotún faoin eachtra.[4]

Ciontaíodh Brian Meehan as dúnmharú Guerin sa bhliain 1996.

Sa bhliain 2018, theip ar Meehan ina iarracht go gcuirfí a chiontú ar ceal ar phointe dlí. Bhí an cladhaire ag iarraidh go ndéanfaí iomrall ceartais dá chiontú.[8]

Ar bhealaí éagsúla, thionscain dúnmharú Guerin leasú ar an mBunreacht agus cúpla reachtanna tábhachtacha ː[9]

  • an Séú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1996 (maidir le bannaí),
  • an tAcht um Fháltais ó Choireacht 1996,
  • an tAcht fán mBiúró um Shócmhainní Coiriúla 1996,
  • an tAcht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996 (a leathnaíodh coinneáil seacht lá thar chiontaí in aghaidh an Stáit den chéad uair, rud a tharla arís agus arís eile ina dhiaidh sin).
  • an tAcht um Bannaí, 1997, agus
  • an tAcht um Chlúmhilleadh 2009

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Clár RTÉ 'Scannal[6]
  • Rinne Breandán M Mac Gearailt an léirmheas thar ceann Tuairisc.ie ar chlár de chuid RTÉ fúithi.[4]
  1. "Guerin, Veronica | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2022-07-29.
  2. "Veronica Guerin - Telegraph". web.archive.org (2010-07-03). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-07-03. Dáta rochtana: 2022-07-29.
  3. Tugann an clár cumasach, corraitheach "Veronica Guerin: A Legacy", (RTÉ, 2016) cuntas ar shaol agus ar shaothar Veronica.
  4. 4.0 4.1 4.2 Breandán M Mac Gearailt (11 Bealtaine 2016). "‘Clár corraitheach, cumasach faoi ‘Citizen journalist’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-29.
  5. "Online Speech Bank: Veronica Guerin -- International Press Freedom Award Acceptance Speech". www.americanrhetoric.com. Dáta rochtana: 2022-07-29.
  6. 6.0 6.1 RTÉ Presspack. "Clár SCANNAL". presspack.rte.ie. Dáta rochtana: 2022-07-29.
  7. "‘Clár corraitheach, cumasach faoi ‘Citizen journalist’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-06-26.
  8. Nuacht RTÉ (2016-04-18). "Cás Bhrian Meehan teipthe sa Chúirt Achomhairc" (as ga). 
  9. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Veronica Guerin". Dáta rochtana: 2022.