[go: up one dir, main page]

Jump to content

Palermo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilPalermo

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 38° 06′ 56″ N, 13° 21′ 41″ E / 38.1156581°N,13.3612619°E / 38.1156581; 13.3612619
Tíran Iodáil
Autonomous region with special statute (en) Aistrighan tSicil
Metropolitan city of Italy (en) AistrighCeannchathair Palermo Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán630,167 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús3,924.07 hab./km²
Teanga oifigiúilan Iodáilis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla160.59 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Oreto agus Muir Thoirian Cuir in eagar ar Wikidata
Airde14 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach
ÉarlamhSaint Rosalia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachPalermo city council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Méara Palermo Cuir in eagar ar WikidataRoberto Lagalla (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist90121, 90122, 90123, 90124, 90125, 90126, 90127, 90128, 90129, 90131, 90133, 90134, 90135, 90136, 90138, 90139, 90141, 90142, 90143, 90144, 90145, 90146, 90147, 90148, 90149 agus 90151 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód091 Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantas ISTAT082053 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód cadastair na hIodáileG273 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáincomune.palermo.it Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Palermo príomhchathair na Sicile, réigiún de chuid na hIodáile. Tá 671.593 duine ina gcónaí ann.

Stair na Cathrach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad na Féinícigh a bhunaigh an chathair, ach ba ó na Gréagaigh a fuair sí an t-ainm atá uirthi anois: Panormos an t-ainm Gréigise, a chiallaíonn "ollchuan" nó "ollchaladh", is é sin, an cuan is mó dá bhfuil chois na mara - an cuan is mó timpeall na Meánmhara. I ndiaidh na nGréagach, ba iad na Rómhánaigh a tháinig i seilbh na háite, agus ina ndiaidh sin, bhí sí á rialú ag na Biosántaigh ar feadh breis is míle bliain. Na hArabaigh a shealbhaigh an chathair sa bhliain 827, agus í ina príomhchathair ar Éimíríocht na Sicile. Chuir na Normannaigh ruaigeadh ar na hArabaigh san aonú haois déag, agus ina dhiaidh sin, bunaíodh ríocht nua na Sicile, arbh í Palermo a príomhchathair. Sa bhliain 1816, chuaigh Ríocht na Sicile agus Ríocht Napoli le chéile le Ríocht an Dá Shicil a dhéanamh, ach níorbh í Palermo príomhchathair na ríochta seo - bhí sí á rialú ó Napoli. Sa deireadh, cuireadh an ríocht sin ar ceal, agus chuaigh Palermo agus iomlán na Sicile san Iodáil aontaithe sa bhliain 1860.

Is iad na teangacha a labhraítear i bPalermo ná an Iodáilis agus an chanúint áitiúil, an tSicilis. Áit thábhachtach turasóireachta í Palermo lena cuid ailtireachta, na heaglaisí ach go háirithe. Ar an drochuair, tá an Maifia - an choirpeacht eagraithe - láidir sa chathair chomh maith. Ón taobh eile de, tá clú ar a lán daoine cáiliúla ó Phalermo freisin a fuair bás sa chath in aghaidh na coirpeachta, ar nós an Athara Pino Puglisi agus na mbreithiúna Giovanni Falcone agus Paolo Borsellino.