Deimos
Deimos | |
---|---|
Cineál | satailít nádúrtha de chuid Mharsa |
Fionnachtaí | Asaph Hall[1] |
Dáta fionnachtana | 12 Lúnasa 1877[2] |
Eapainm | Deimos |
Réad tuismitheora | Mars |
Sonraí fithiseacha | |
Apaipsis | 23,470.9 km |
Pearaipsis | 23,455.5 km |
Ais mhór a | 23,458 km[3] |
Éalárnacht e | 0.0002 |
Tréimhse fhithiseach P | 1.26244 d |
Claonadh i | 27.58 ° |
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |
Trastomhas | 12.4 km |
Méid dhealraitheach (V) | 12.89 (banda V) |
Mais | 1.48 Eg[4] |
Meándlús | 1.471 g/cm³ |
Imtharraingt dromchla | 0.003 m/s² |
Ailbéideacht | 0.068 |
Deimos (/ˈdaɪməs/ nó /ˈdiːməs/; Δείμος as Ghréigis: "Scáth") a thugtar ar an gceann is faide amuigh den dá shatailít nádúrtha atá ag timpeallú Mharsa.[5] Tháinig an t-ainm ó na finscéalta Gréagacha.
Fionnachtain
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'é an réalteolaí SAM Asaph Hall a tháinig ar dhá ghealach Mharsa - Phobos agus Deimos. B'é Henry Madan, a bhí ina Mháistir Eolaíochta in Eton, a mhol na hainmneacha seo a bhaisteadh orthu. Is tagairt iad do Leabhar a Cúig Déag den Iliad, agus an dia Ares, arb ionann eisean i miotas na Sean-Ghréige agus Mars i reiligiún na Rómhánach, - agus an dia seo ag glao ar an dá chú atá aige, mar atá, Phobos agus Deimos - is é sin, an Scanradh agus an Sceimhle.
D'fhionn Hall Deimos ar an 12ú lá de Mhí Lúnasa, 1877, ag 07:48 de réir an Ama Uilígh. Is é an sonrúchán córasach atá air ná Mars II.
Saintréithre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is dócha gur astaróideach a bhí ann ar dtús, mar Deimos. Creidtear gur chuir Iúpatar óna sheanfhithis é ansin, ar dhóigh is gur cheap Mars é. Níl anseo ach teoiric, ar ndóigh, agus tá conspóid áirithe ag baint léi i gcónaí. Mar is gnách ag rinne neimhe ar cóimhéid leis, tá Deimos an-neamhsféarúil ina dhéanamh. Is iad na toisí atá aige ná 15×12×10 ciliméadar.
Tá Deimos comhdhéanta as carraig atá saibhir sa charbón. Ar an dóigh seo, tá sé an-chosúil le hastaróidigh den chatagóir "C", is é sin, na hastaróidigh as coindrít charbónúil. Thairis sin, tá oighear ann - leac oighir den ghnáthchineál, is é sin, uisce reoite. Tá Deimos criathraithe le cráitéir, ach má tá féin, tá a dhromchla níos míne ná dromchla Phobos, ós rud é go bhfuil na cráitéir scothlán le reigilít. Tá an dá chráitéar is mó atá ann, is é sin, Swift agus Voltaire, timpeall ar thrí chiliméadar ar trastomhas.
An breathnóir a gheobhadh é féin ar dhromchla Deimos, d'fheicfeadh sé Mars míle uair níos mó agus ceithre chéad oiread níos gile ná mar a fheictear an Ghealach ó dhromchla an Domhain, agus aon t-aonú cuid déag d'fhairsinge an leathsféir neamhaí clúdaithe ag an bpláinéad.
An té a bheadh ag breathnú ar Deimos ó dhromchla Mharsa, áfach, is dócha nach n-aithneodh sé thar na réaltaí é, ós rud é nach bhfuil sé ach 2.5' ar trastomhas uilleach. Dá mbeadh sé i mbarr a ghile, is é sin, ina "lán-ré", bheadh sé chomh geal le Véineas, agus dá mbeadh sé i mbéal ceathrún nó ar an gceathrú dheireanach, bheadh sé inchomórtais le Vega. Ag déanamh trasdul dó - is é sin, ag dul trasna aghaidh na Gréine - níl Deimos ach 2.5 uair níos leithne, ó thaobh an trastomhais uilligh de, i súile an bhreathnóra ar Mhars, ná Véineas agus í ag déanamh trasdul idir an Ghrian agus an breathnóir ar an Domhan. Dá mbeadh teileascóp beag ag an mbreathnóir ar Mhars, d'fhéadfadh sé súil a choinneáil ar chéimeanna Deimos. Thógfadh sé, ansin, 1.2648 lá ar Deimos dul ó lánré go lánré, is é sin, tréimhse (nó "mí") shionadach Deimos.
Tá Phobos ag timpeallú Mharsa níos luaithe ná mar atá Mars féin ag rothlú ar a ais. Mar sin, d'fheicfeadh an breathnóir ar dhroim Mharsa Phobos ag éirí san iarthar agus ag dul faoi san oirthear. Ní féidir leat an rud céanna a rá faoi Deimos. Críochnaíonn sé aon chúrsa amháin timpeall Mharsa in aghaidh 30.4 uair an chloig, agus an pláinéad féin ag dul timpeall a aise uair in aghaidh 24.7 uair an chloig. Is é an comhthoradh ná go dtógann sé 2.7 lá ar Deimos éirí, dul trasna agus dul faoi, má tá an breathnóir suite ag meánchiorcal Mharsa.
Tá Deimos an-chóngarach do Mhars, agus níl a fhithis róchlaonta i gcomparáid le meánchiorcal Mharsa. Mar sin, ní féidir é a fheiceáil ar aon nós, má tá an breathnóir suite ag Mars-leithead níos mó ná 82.7°.
Tréithe Fisiceacha: Achoimre
[cuir in eagar | athraigh foinse]An Fhithis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ga na fithise (ar meán): 23,460 km
Tréimhse imrothlaithe: 1.262 lá
Meánluas fithiseach: 0.22 km/s
Claonadh na fithise:
- 0.93° i gcomparáid le meánchiorcal Mharsa
- 1.793° i gcomparáid le plána áitiúil Laplace
- 27.58° i gcomparáid leis an éiclipteach
Is é Mars an pláinéad atá Deimos a thimpeallú.
An Rinn Neimhe Féin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Trastomhas: 12.6 km ar meán. Tabhair faoi deara, áfach, nach bhfuil Deimos in aon chóngar do liathróid rialta. Tá sé i bhfad níos praiticiúla méid na rinne neimhe seo a thabhairt i dtéarmaí an fhaid, na hairde is an leithid: 15.0×12×10.4 km.
Mais: 2.244×1015 kg
Dlús (ar meán): 2.2 g/cm³
Imtharraingt ar an dromchla: 0.0039 m/s² (39 mm/s²)
Treoluas éalaithe: 0.0069 km/s (6.9 m/s)
Tréimhse rothlaithe: Tá Deimos á rothlú go sioncronach, is é sin, tá sé ag drannadh an taoibh chéanna le Mars an t-am ar fad.
Ailbéideacht: 0.07
Teocht ar an dromchla: thart ar 233 K, nó -40 C
Níl atmaisféar ag Deimos.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ráite i: A Short History of Astronomy. Údar: Arthur Berry. Foilsitheoir: John Murray. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla na Breataine. Dáta foilsithe: 1898.
- ↑ URL tagartha: https://iopscience.iop.org/article/10.1086/122784. DOI: 10.1086/122784.
- ↑ URL tagartha: http://ssd.jpl.nasa.gov/?sat_elem#mars. Dáta rochtana: 27 Meitheamh 2009.
- ↑ Dáta rochtana: 5 Meán Fómhair 2020. URL tagartha: https://ssd.jpl.nasa.gov/?sat_phys_par.
- ↑ ““Deimos” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-01.
Is síol réalteolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |