Clón
Cóip ghéiniteach d'orgánach ar leith a cruthaíodh trí atáirgeadh neamhghnéasach atá i gclón. Chuige seo spreagtar an núicléas i gcill shómatach as colainn an tuismitheora aonair chun é féin a dheighilt. De bhrí go bhfaigheann sé a ghéinte go léir mar oidhreacht ó thuismitheoir amháin, is ionann leis an tuismitheoir sin é ar bhonn géiniteach.
Is clónáil a dhéanann na plandeolaithe i nódú plandaí.
Trí chlónáil a atáirgeann baictéir, víris is orgánaigh aoncheallacha eile.
Biteicneolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhith-theicneolaíocht nua-aoiseach is féidir siogóit a chlónáil, agus uaidh sin an-chuid ainmhithe ionanna feirme a tháirgeadh. Sa bhliain 1996, d’fhionn Ian Wilmut agus a chomhghleacaithe in Institiúid Ros Linne i nDún Éideann dóigh le caora a chlónáil. Rugadh an chéad chlón riamh as cill aosach (cill shómatach nó traschur núicléas cille sómataí), an chaora Dolly. ar 5 Iúil 1996.[1][2] Fógraíodh an t-éacht seo den chéad uair ar 22 Feabhra 1997. Rinneadh clónáil ar chaora, ubh tógtha ó chaora Dolly (ainmníodh as Dolly Parton í) agus caora úr a chothú uaithi, caora a bhí ar gach uile dóigh mar aon leis an mháthair.[3]
Sa chás sin bhain siad an núicléas amach as cill shómatach[4] agus chuir isteach in ubhán neamhthoirchithe (ar baineadh a núicléas féin amach as roimhe sin) é. D'fhás an chill seo i saothrán, baineadh amach na cealla luatha iníne agus ionchlannaíodh iad i máithreacha óstacha.
DNA
[cuir in eagar | athraigh foinse]Úsáidtear an téarma clónáil móilíneach i dteicneolaíocht DNA athchuingrithe nuair a chuirtear píosa DNA eachtrannaigh isteach i gcrómasóm saorga baictéarach (plasmaid) agus a dheighleann an t-iomlán (rud a chlónálann an píosa DNA eachtrannaigh).
Eitic leighis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Comhairle na hEorpa toirmeasc ar chlónáil daonna i 1998. Ach, in ainneoin an imní maidir le heitic na ceiste, tugadh ceadúnas d'Ollscoil Newcastle i Sasana i 2004 suthanna daonna a chlónáil.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Roslin Institute (2016). "The Life of Dolly | Why was Dolly so important?" (en). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-11-11. Dáta rochtana: 2022-02-22.
- ↑ Karen Weintraub. "20 Years after Dolly the Sheep Led the Way—Where Is Cloning Now?" (en). Scientific American. Dáta rochtana: 2022-02-22.
- ↑ Blas (BBC Northern Ireland) Irish Language - (16 DF 2014). "Ar cheart feoil chlónáilte a ithe?". www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2022-02-22.
- ↑ "Somatic cell nuclear transfer and Dolly the sheep | Britannica" (en). www.britannica.com. Dáta rochtana: 2022-02-22.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Clón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 147.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |