Walter Adolph Gropius
ailtire Gearmánach (1883-1969)
Ailtire a rugadh i mBeirlín ab ea Walter Adolph Gropius (18 Bealtaine 1883 - 5 Iúil 1969). Ceapadh ina stiúrthóir ar scoileanna ealaíne i Weimar é, agus d'atheagraigh sé iad chun an Bauhaus a chruthú, é mar aidhm aige dearcadh nua feidhmiúil ar na healaíona feidhmeacha a chothú. D'fhág sé an Ghearmáin nuair a tháinig Hitler i réim, agus tar éis tréimhse ghearr sa Bhreatain, chaith a shaol i ndiaidh 1937 in Ollscoil Harvard sna Stáit Aontaithe.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Walter Adolph Gropius". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 334.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
]]