Ruaraidh MacThòmais
File cáiliúil Albanach ab ea an tOllamh Ruaraidh MacThòmais MA, BA, Dlitt, FRSE, FBA (5 Lúnasa, 1921 - 21 Márta, 2012) ar a dtugtar Derick S. Thomson i mBéarla. Ba as Eilean Leòdhais é ar dtús, ach chaith cuid mhaith dá shaol i nGlaschú, áit a raibh sé ina Ollamh le Ceiltis in Ollscoil Ghlaschú 1963-1991. Chuir sé an chuideachta fhoilsitheoireachta Gairm, in éineacht lena hiris, a raibh ian thréimhseachán go hiomlán i Gaeilge na hAlban is faide ar siúl riamh, i gcló le breis agus caoga bliain faoina eagarthóireacht. Tá Gairm tar éis scor ó shin, agus ina háit tá Gath. Bhí sé ina Uachtarán Oinigh ar Leabharlann Filíochta na hAlban (Béarla: Scottish Poetry Library), agus ina Chomhalta de Chumann Ríoga Dhún Éideann (Béarla:The Royal Society of Edinburgh ) agus Acadamh na Breataine (Béarla: The British Academy). I Meitheamh 2007, fuair sé céim oinigh ó Ollscoil Ghlaschú.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 Lúnasa 1921 Steòrnabhagh, Scotland |
Bás | 21 Márta 2012 90 bliana d'aois Glaschú, Scotland |
Chair of Celtic, Glasgow (en) | |
1963 – | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Oilthigh Obar Dheathain Coláiste Emmanuel, Cambridge Sgoil MhicNeacail |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Scottish poetry (en) |
Gairm | staraí, file, staraí liteartha, scríbhneoir, aistritheoir, múinteoir ollscoile |
Fostóir | Ollscoil Ghlaschú |
Ball de | |
Seánra | Filíocht |
Gluaiseacht | Athbheochan na hAlban |
Teangacha | Gaeilge na hAlban agus Béarla |
Gradam a fuarthas | |
Saol
cuir in eagarBa as Pabail Uarach, i Leòdhas ó dhúchas Ruaraidh MacThòmais, an áit chéanna a tháirgeadh dhá scríbhneoirí tábhachtacha Gaeilge eile: Iain Mac a' Ghobhainn agus an Dr. Anne C. Frater.