Niall Noígíallach
Ard-Rí leathstairiúil na hÉireann ab ea Niall Naoighiallach (Sean-Ghaeilge Níall Noígíallach), sinsear mhuintir Uí Néill a bhí i gceannas ar thaobh tuaiscirt na hÉireann ón 6ú dtí an 10ú haois.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 haois |
Bás | 5 haois |
Ardrí na hÉireann | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Páiste | Eoghan mac Néill, Coirpre mac Néill, Fiachu mac Néill, Éndae, Conall Cremthainne, Lóegaire mac Néill, Conall Gulbán, Máine Theafa |
Athair | Eochaid Mugmedon agus Caireann Chasdubh |
Siblín | Fiachra, Brión mac Echach Muigmedóin agus Ailill mac Echach Mugmedóin |
De réir annála Gaelacha, bhí sé i réim i ndeireadh na 4ú agus go luath sa 5ú haoiseanna, cé go measann scoláirí an lae inniu go raibh sé ann leathchéad bhliain níos déanaí. Is amhlaidh gurbh fhíordhuine ab ea é, ach meastar gur seanscéalach é an chuid is mó den eolais atá againn faoi.
Síniú ADN
cuir in eagarMar thoradh de hipitéis 2006 le Moore et al.,[1] a mhaígh gur aimsíodh síniú Y-crómasómach Néill, thosaigh iriseoirí pop-eolaíochta agus comhlachtaí tástála ghéinitigh ag promoting the idea gur de shliocht Néill iarr na milliúin fear inniu beo.[2] Cuireann dátú níos déanaí an haplaitíopa agus SNP-sóchán M222 comhréire le fios go tréan, gur sleachta iad gach fear leis an síniú seo d'fhear amháin a mhair roinnt míle bliain ó shin, sár i bhfad roimh saol Néill, go bunúsach ag nochtadh an fhírinne faoin "hipitéis Néill".[3] Dá mba phearsa ón bhfíorshaol é Niall, d'fhéadfadh é gur bhall den ginealach seo ab ea é, ach ní soiléir é. Notably, many O'Neills and McShanes (a surname associated with a line of O'Neill cadets) arise from an entirely different lineage.[fíoras?]
Stairiúlacht
cuir in eagarIs féidir beathaisnéis Néill a chruthú ó fhoinsí amhail is an mír "Rolla na Ríthe" den Leabhar Gabhála na hÉireann (11ú haois), Annála na gCeithre Máistrí (tiomsaithe sa 17ú haois), croinicí amhail is Foras Feasa ar Éirinn (1634), agus seanscéalta amhail is "Echtra mac nEchach Muimedóin" agus "Anbhás Néill Naoighiallaigh" (11ú haois). Scríobhadh na foinsí seo fada i ndiaidh ré Néill, agus is beag mheas a bhfuil ar a leithéid ó thaobh na staire de.
Ar bhunús tábhacht a mhac agus a gharmhac, creidtear gur phearsa stairiúil é,[4] ach níl a lán inste faoi sna luath-annála. Cuireann na hAnnála Inis Faithlinn dáta lena bhás roimh 382, agus Chronicon Scotorum go 411.[5] Cuireann Annála na gCeithre Máistrí dáta lena réim idir 379–405,[6] agus an croineolaíocht i bhForas Feasa ar Éirinn idir 368–395.[7] Tá Niall luaite faoin ainm “Niell” ar liosta ard-ríthe darb ainm Baile Choinn Chéadchathaigh.
Tuairiscíonn na luathannála, ámh, gníomhaíochtaí a mhac idir 429 agus 516, achar go mídhealraitheach fada d'aon ghlúin amháin. Creideann príomhscoláirí amhail is Kathleen Hughes[5] agus Francis J. Byrne[4]:78‑79 dá bharr gur cuireadh siar imeachtaí de dheireanach sa 5ú haois, chun dáta chomh luath agus is féidir do theacht Naomh Pádraig a riar air, agus mar thoradh ag brú Néill ar ais leathchéad bhliain. Deir Hughes "Caithfidh go bhfuair Niall féin bás roimh lár na 5ú haoise".[5] Is níos cruinne é Byrne, mar an gcéanna le James Carney, a mholann dáta c. 452 lena bhás.[4]:81 Tugann mionstaidéar ar hAnnála Éireannacha, go háirithe i nAnnála Uladh, agus na dátaí le fáil iontu ar a cailleadh daoine dá shliocht, Uí Néill, tacaíocht don smaoineamh seo:
- A mhic: Lóegaire mac Néill († 463), Eógan mac Néill († 465) Conall Gulban († 464), Conall Cremthainne († 475), Coirpre mac Néill († 500) agus Fiachu mac Néill (c. 510/516).
- A gharmhic: Muiredach mac Eógain († 489), Lugaid mac Lóegairi († 507), Ardgal mac Conall Criamtham († 520/523)
- A fhionnóí: Muircheartach mac Muireadaigh (Mac Ercae) († 534), Túathal Máelgarb († 544) agus Diarmait mac Cerbaill († 565)
Molann T. F. O'Rahilly gurbh iad Niall agus a mhic ba chúis le deighilt ríocht ársa na nUladh agus le cruthú ríochta Tír Chonaill agus Tír Eoghain, agus an foríocht Oirialla.[8]:222‑232 De réir O'Rahilly agus Byrne, caomhnaíonn na foinsí liteartha, bíodh is deireanach agus gan bhun ná barr, fíorthraidisiúin go raibh Niall i gceannas ruathar ar an mBreatain, agus gur éag sé i rith cinn amháin.[4]:76‑78[8]:220
Cuirtear Niall sa liosta traidisiúnta Ard-Ríthe na hÉireann. Creidtear anois gur tógán bréagstairiúil den 8ú haois AD é an liosta seo, nár tháinig i bhfeidhm go dtí Mael Seachlainn I sa 9ú haois. Rinneadh áibhéil ar stádas Néill dála tábhacht pholaitiúil an ríshleachta a bhunaigh sé.[4]:70
Óige
cuir in eagarTá cuntas miotaseolaíochta ar ghinealach, breith agus óige Néill ar fáil sa sága, Echtra mac nEchach Mugmedon, a scríobhadh san 11ú haois. De réir foinsí ón Mheánaois, meastar gur rí na Teamhrach ba ea a athair, Eochaid Mugmedón, cé nach bhfuil sé luaite i mBaile Chuinn Chétchathaig.
Bhí cúigear mac ag Eochaidh: ceathrar (Brión, Ailill, Fiachra and Fearghas) lena chéad bhean chéile Mongfionn, deirfiúr rí na Mumhan, Crimthann mac Fidaig; agus Niall, lena dara céile Caireann Chasdubh, iníon Sachell Balb, rí na Sacsanach.
Is iad Brión, Fiachra agus Ailill sinsir Uí Bhriúin, Uí Fhiachrach agus Uí Ailealla faoi seach. Ba iad Uí Bhriúin an sliocht ba chumhachtaí de na teaghlaigh móra le rá sin, agus bhí a lán ríthe ar Chonnachta le linn na tréimhse Meánaoisigh arbh den shliocht seo iad. Ní raibh ach tábhacht áitiúil ag sliocht an bheirt deartháireacha eile agus ní raibh tionchar acu ar cúrsaí móra polaitíochta i ríocht na Connacht. Ní fios cad a tharla le sliocht an cheathrú deartháir, Fergus Cáechán.
Agus Cairenn torrach le Niall, chuir Mongfionn éadmhar iachall uirthi obair throm a dhéanamh, ag súil go gcaille sí an leanbh. Thóg sí an leanbh agus sí ag tarraingt uisce, ach le heagla roimh Mhongfionn, d'fhág sí an leanbh lasmuigh ar an talamh, gan chosaint ar to na héin. Tharrtháil Torna, file, an leanbh áfach. Agus Niall fásta, d'fhill sé go dtí Teamhair agus tharrtháil sé a mháthair óna sclábhaíocht.[9][10]
Cé go bhfuil sé mí-aimseartha gur Shacsanach í máthair Néill, molann O'Rahilly gur fréamhaithe ó Carina na Laidine is ea an t-ainm Caireann, agus go bhfuil sé sochreidte gur Rómhán-Briotanach í.[8] Deir Céitinn nár Shacsanach ach "iníon rí na Breataine" í.[7]
Is amhlaidh gur phearsa osnádúrtha í Mongfionn ar dtús. Sa sága Anbhás Chriomthainn mhic Fhiadhaigh, deirtear gur Féile Mhongfionn a ghlaoití go minic ar fhéile na Samhna, agus deirtí paidreacha di ar Oíche Shamhna.[11]
Teacht i réim
cuir in eagarSula n-éireodh Niall ró-gheann leis na huaisle, d'éiligh Mongfionn go gceapfadh Eochaid a chomharba, ag súil go dtaga a sliocht féin chun cinn. D'iarr Eochaidh ar an draoi, Sithcheann an fhadhb a réiteach, agus shocraigh sé ar chomórtas do na deartháireacha. Dhruid sé an doras orthu i dtigh ceárta trí thine, ag insint dóibh cibé rud gurbh fhéidir leo a shábháil, agus go dtabharfadh breithiúnas orthu bunaithe ar na rudaí siúd. Tháinig Niall amach ag iompar inneonach, agus measadh gur níos fearr é ná Brión le hord, Fiachra le boilg agus tobán leanna, Ailill le ciste gaiscí, agus Fearghas le beart adhmaid. Dhiúltaigh Mongfionn an cinneadh a ghlacadh.
Thóg Sithchenn na deartháireacha leis go dtí an gabha, a rinne gaiscí dóibh agus chuir sé amach iad ag seilg. Chuaigh gach deartháir duine ar dhuine ag lorg uisce, agus d'aimsigh tobar faoi chosaint cailligh colaigh, a d'éiligh póg ar son uisce. Dhiúltaigh Fearghas agus Ailill, agus d'fhill agus a ndá láimh chomh fada le chéile. Thug Fiachra póigín di, níor leor é chun í a shásamh. Níor phóg í mar ba chóir ach Niall, agus nochtadh í mar chailín álainn, Flaitheas na hÉireann. Bhronn sí ar Niall ní amháin uisce ach chomh maith ríogacht de go leor glúnta – bheadh seisir is fiche dá sliocht ina n-Ard-Ríthe. Bronnadh mionghinealach ar Fhiachra – bheadh beirt dá shliocht, Nath Í agus Ailill Molt, ina n-Ard-Ríthe.[9]
I seanscéal eile, ní raibh an comharbacht socraithe nuair a fuair Eochaidh bás, agus thóg Criofann, deartháir Mhongfionn, an choróin. Agus é thar lear in Albain ámh, ghlac mic Mhongfionn seilbh ar Éirinn. D'fhill Criofann Ireland hÉirinn, agus é ar intinn aige give battle. Bhí fleadh Mongfind, um síocháin a chur chun cinn mar dhea idir a deartháir agus a mic, ag a chuir sí ar an mbord deoch nimhe do Chriofann. Dhiúltaigh sé í a ól mura n-ólfadh sise; d'ól siad agus d'éag siad beirt. Tháinig Niall i gcoróin agus Brión a cheann taca.[11]
I leagan eile fós, rinne Mongfionn iarracht nimh a thabhairt do Niall, ach thóg sí féin an nimh trí thaisme.[12]
Cogadh cathartha
cuir in eagarAgus Niall ina Ard-Rí, chuir a dheartháireacha fúthu ríthe áitiúla. Bhí Brión i réim i gcúige Connacht, ach chuaigh Fiachra i mbun cogaidh ina éadan. Chloígh Brión Fiachra agus thug sé do Niall mar prisoner to Niall. Lean Nath Í mac Fiachra an cogadh agus dá deireadh mharaigh sé Brión. Scaoil Niall saor Fiachra, a rinneadh ina rí na gConnacht agus crann taca Néill.
Chuaigh Fiachra agus Ailill i mbun cogaidh ansin in éadan Eochaid mac Criofain, rí na Mumhan. Chloígh siad é, ach gortaíodh Fiachra sa chath agus d'éag sé dá chneácha tamaillín ina dhiaidh. Chuaigh fir na Mumhan ar ais chun cogaidh, ghabh siad Ailill agus ghearr as a chéile é, agus lean an cogadh idir Mumhain agus Connachta ar feadh na mblianta.[11]
Bás
cuir in eagarDe réir Leabhar Gabhála na hÉireann, bhí Niall i mbun cogaidh le rí na Laighean, Énnae Cennsalach, mar gheall ar an mbóraimhe.[13] i ngach foinse, Eochaidh mac Éanna ab ea marfóir Néill, cé nach ionann na sonraí.
Tá na foinsí ar an intinn go bhfuair Niall bás thar lear. Sa leagan is luaite den Leabhar Gabhála, insítear gur mharaigh Eochaidh é ar Mhuir nIocht, agus ag rá i leaganacha níos deireanaí go raibh Niall i mbun ionsú na Briotáine ag an am. Deir Céitinn, ag lua Bheathaisnéis Naomh Pádraig, go raibh Niall i gceannas ar ruathair Ghaelacha ar Bhreatain Rómhánach, agus le linn céad dóibh, fuadaíodh Pádraig agus a dheirfiúracha. Meastar Céitinn gurb ionann na ruathair seo agus iad luaithe ag Gildas agus Bede, agus óir go ndeir roinnt foinsí gur fuadaíodh Pádraig ón mBriotáin, bhain sé as seo go caithfeadh go raibh Niall i mbun ruathair ar an mór-roinn chomh maith.[7]
Sa sága Anbhás Néill Naoighiallaigh, insítear gur éirigh Eochaidh ina namhaid nuair a dhiúltaigh file Néill, Laidcenn mac Bairchid, fáilte roimhe. Chuaigh sé i mbun cogaidh agus scrios sé dún an fhile, ag marú a mhic, Leat[14] (De réir Céitinne, draoi ab ea Laoicheann, agus gur mharaigh Eochaidh a mhac as ucht masla cainte).[7] Mar chúiteamh, chum Laoicheann aoir ar na Laighin, agus dá bharr níor fhás ná grán ná féar ná duilleoga ar feadh bliana.
Chuaigh Niall ansin i mbun cogaidh in éadan na Laighean, agus rinneadh síocháin ar an gcoinníol go dtabharfadh Eochaidh ar láimh. Cheangail Niall Eochaidh le slabhra de ghallán agus chuir sé naonúr gaiscíoch chun é a bhású. Bhris Eochaidh a shlabhra ámh agus mharaigh sé an naonúr leis. Mharaigh sé Laoicheann ansin, ag caidreamh cloiche ina éadan isteach. Chuir Niall ar deoraíocht go hAlbain é.
As seo amach, tá an scéal sách trína chéile. Chuaigh Niall i mbun cogaidh san Eoraip chomh fhad is na hAlpa, agus chuir na Rómhánaigh ambasadóir chuige chun socrú leis. Go tobann, insítear go raibh Niall os comhair thionól Bhaird na gCruithneach in Albain, air a maraíodh le saighead é, scaoilte ag Eochaidh ón taobh eile den ghleann. Deir Céitinn gur scaoil Eochaidh Niall ó bhruach an Loire i rith a eachtra san Eoraip. D'iompair a ghaiscígh a chorp abhaile, ag tríd seacht gcat ar an slí, agus fuair a athair altrama agus file Torna bás de bhrón. Creidtear gur cuireadh é faoi ag Ochann, darb ainm anois Faughan Hill[15] ag Baile Shiurdáin (barúntacht: An Uaimh Íochtarach), cúpla míle siar ón Uaimh i gContae na Mí.[12] Tháinig a nia Nath Í i gcomharbacht air.
Molann Byrne go bhfuair Niall bás i mbun ruathair ar an mBreatain Rómhánach. Is amhlaidh go ndearnadh dearmad in Éirinn go raibh na Rómhánaigh i réim sa Bhreatain, agus aistríodh a choimhlintí leis an Impireacht go dtí an mhór-roinn, agus le cois sin ag meascadh an ainm Alba (ainm ársa don Bhreatain) le Elpa (Apla), nó tuigthe lena bhrí níos deireanaí Alba.[4] I ndán den 11ú hais luaite leis an bhfile Cináed Ua hArtacáin sa Leabhar Laighneach, deirtear go ndeachaigh Niall i mbun ruathair fair sheacht ar an mBreatain, agus go mharaigh Eochaidh é "thar bhruth an Mhuir nIocht".[4][16] I ndán luaite leis an bhfile céanna i Leabhar na hUidhre, deirtear go ndeachaigh sé faoi sheacht go dtí na hApla.[8]
Teaghlach agus sliocht
cuir in eagarDe réir Chéitinne, bhí beirt bhan chéile ag Niall: Inne iníon Lughaí, a rug mac amháin leis, Fiachu; agus Rignach, a rug seachtar leis, Laoghaire, Enda, Maine, Eoghan, Conall Gulban, Conall Cremthainne and Cairbre.[7] Is sinsir iad na mic úd de mhuintir éagsúla Uí Néill: Eoghan de Cenél nEógain agus Conall Gulban de Cenél Conaill, le chéile muintir Uí Néill thuaidh; Fiacha de Cenél Fhiachach, Laoghaire (an rí a deirtear gur thiontaigh Pádraig é) de Cenél Laoghaire, Maine de mhuintir Uí Mhaine, Conall Cremthainne de Chlann Cholmáin agus Síl nÁedo Sláine, agus Coirpre de Cenél Chairbre, le chéile muintir Uí Néill theas.[4]
I measc daoine cáiliúla de shliocht Néill tá a ghar-gar-garmhac -Naomh Columbán, Naomh Máel Ruba, ríthe Ailigh, rithe Thír Eoghain, agus ríthe Thír Chonaill.[17] Maíonn clann Uí Uigín gurb iad na hUí Néill theas a sinsir. Maíonn clann Uí Ruairc gurb é Eochaid Mugmedon a sinsear, trída mhac Brión (as sin clann Uí Briúin), leasdeartháir Néill.
Bunús an bhuafhocal
cuir in eagarTá roinnt míniúchán ann a insítear conas a bronnadh ar Niall a bhuafhocal Naoighiallach( (.i. fear a bhfuil naonúr giall aige).
- Sa sága Anbhás Néill Naoighiallaigh, deirtear go bhfuair sé cúigear giall ó chúigí na hÉireann (Uladh, Connacht, Laighean, Mumhan agus Midhe), agus giall amháin ó gach aon cheann desna hAlbanaigh, na Sacsanaigh, na Briotanaigh agus na Fraince.[14]
- Deir Céitinn go bhfuair sé cúigear ó na cúigí agus ceathrar ó Albain.[7]
- Molann O'Rahilly gur thug ríocht na nOiriall (déantóirí-giall), tuath bunaithe i rith ghabhálacha Uí Néill i nUlaidh, naonúr giall dó. Bhí an ríocht úd faoi smacht Chruithnigh na hUladh go dtí gur ionghabh Niall í. Tugann sé faoi ndeara go deir Leabhar na gCeart nach raibh de dhualgas ag an ríocht ach naonúr giall a thabhairt d'Ard-Rí na hÉireann.[8]
Craobh ghinealaigh
cuir in eagarTúathal Techtmar | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Fedlimid Rechtmar | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Conn Cétchathach | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Art mac Cuinn | Mac | Mac | Mac | Mac | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cormac mac Airt | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cairbre Lifechair | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Fíachu Sroiptine | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Muiredach Tirech | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mongfind | Eochaid Mugmedon | Cairenn | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Brión | Fiachrae | Ailill | Niall Noígíallach | Fergus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Conall Gulban | Endae (of Cenél Énda) | Eogan | Coirpre | Lóegaire | Máiné | Conall Cremthainne | Fiachu | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Muirdeach | Cormac Caech | Lughaid mac Loeguire | Fergus Cerrbel | Ardgal | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Muirchertach mac Ercae | Tuathal Máelgarb | Diarmait mac Cerbaill | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Foinsí
cuir in eagar- Bhreathnach, Edel (2005). "The Kingship and Landscape of Tara". Four Courts Press.
- Burke, Bernard (1976). "Burke's Irish family records". Burke's Peerage.
- Byrne, Francis John (2001). "Irish Kings and High-Kings". Four Courts Press.
- Thomas Charles-Edwards, Charles-Edwards, Thomas (2007). "Early Christian Ireland". Cambridge University Press.
- Cross, Tom Peete agus Clark Harris Slover (eag.), "The Adventures of the Sons of Eochaid Mugmedon", in Ancient Irish Tales. Henry Holt and Company, 1936, ll. 508–513.
- Ambassador Walter Curley, Vanishing Kingdoms: The Irish Chiefs and their Families. Dublin: Lilliput Press. 2004.
- Myles Dillon, The Cycles of the Kings, Oxford, 1946, (leagan de Four Courts Press, 1995.)
- Duffy, Seán (eag.), Medieval Ireland: An Encyclopedia. Routledge. 2005.
- FitzPatrick, Elizabeth (2004). "Royal Inauguration in Gaelic Ireland c. 1100–1600: A Cultural Landscape Study". Boydell Press.
- Patrick Weston Joyce, A Social History of Ancient Ireland, Vol. I agus A Social History of Ancient Ireland, Vol. II. Longmans, Green, and Co., 1903.
- Seathrún Céitinn, le David Comyn agus Patrick S. Dinneen (aistr.), The History of Ireland by Geoffrey Keating. 4 Iml. Londain: David Nutt for the Irish Texts Society, 1902–14.
- Foster, Roy (eag.), The Oxford Illustrated History of Ireland. Oxford University Press. 2001.
- Joynt, Maud (eag. & aistr.), "Echtra Mac Echdach Mugmedóin", in Ériu 4 (1910), ll. 91–111.
- Koch, John T. (eag.), Celtic Culture: A Historical Encyclopedia. 5 imleabhar nó eleabhar. ABC-CLIO. 2006.
- MacKillop, James, A Dictionary of Celtic Mythology, Oxford, 1998.
- Edward MacLysaght, Irish Families: Their Names, Arms and Origins. Irish Academic Press, 4ú eagrán, 1998.
- Mac Niocaill, Gearóid, Ireland before the Vikings. Dublin: Gill and Macmillan, 1972.
- Kuno Meyer (eag.), "The Laud Genealogies and Tribal Histories", in Zeitschrift für Celtische Philologie 8. Halle/Saale, Max Niemeyer, 1912., ll. 291–338.
- Moore, Laoise T., Brian McEvoy, Eleanor Cape, Katharine Simms agus Daniel G. Bradley, "A Y-Chromosome Signature of Hegemony in Gaelic Ireland." The American Journal of Human Genetics 78 (Feabhra 2006), ll. 334–338.
- Ó Canann, Tomás G., Book Review: Brian Lacey, Cenél Conaill and the Donegal Kingdoms, AD 500–800, Royal Society of Antiquaries of Ireland
- Donnchadh Ó Corráin (eag.), Genealogies from Rawlinson B 502. University College, Cork: Corpus of Electronic Texts, 1997.
- Ó Corráin, Donnchadh, Ireland before the Normans. Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan, 1972.
- Dáibhí Ó Cróinín (eag.), A New History of Ireland: Prehistoric and Early Ireland, Vol. 1. Oxford University Press, 2005.
- John O'Donovan (eag. agus aistr.), Annala Rioghachta Eireann. Annals of the Kingdom of Ireland by the Four Masters, from the Earliest Period to the Year 1616. 7 iml. Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath, 1848–51, 2a eagrán, 1856.
- Standish Hayes O'Grady (eag. agus aistr.), "Death of Crimthann son of Fidach, and of Eochaidh Muighmedóin's three sons: Brian, Ailill, Fiachra", in Silva Gadelica Williams and Norgate, 1892, ll. 373–378. (le fall ar maryjones.us)
- O'Grady, Standish H. (eag. agus aistr.), "The Story of Eochaidh Muighmedóin's Sons", in Silva Gadelica Williams and Norgate, 1892, ll. 368–373.
- John O'Hart, Irish Pedigrees. Baile Átha Cliath, 5ú eagrán, 1892.
- T.F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946.
- Richter, Michael, Medieval Ireland: The Enduring Tradition. Palgrave Macmillan. 1996.
- Whitley Stokes (eag. agus aistr.), "Aided Chrimthaind Maic Fhidaig: The Death of Crimthann mac Fidaig", in Revue Celtique 24, 1903, ll. 172–189.
- Stokes, Whitley (eag. agus aistr.), "Echtra Mac nEchach Muigmedóin: The Adventures of the Sons of Eochaid Muigmedóin", in Revue Celtique 24, 1903, ll. 190–207.
- Welch, Robert (eag.) with Bruce Stewart, The Oxford Companion to Irish Literature, Oxford University Press, 1996.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "A Y-Chromosome Signature of Hegemony in Gaelic Ireland" (2006). American Journal of Human Genetics 78: 334–338. doi: . PMID 16358217. PMC:1380239.
- ↑ e.g. The genetic imprint of Niall of the Nine Hostages, The Irish Times, Aoife McLysaght, 24 Abr 2014
- ↑ Howard, W.E. agus McLaughlin, J.D., A dated phylogenetic tree of M222 SNP haplotypes: exploring the DNA of Irish and Scottish surnames and possible ties to Niall and the Uí Néill kindred, in Familia: Ulster Genealogical Review, 2011, ll. 27, 33.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 4.5 4.6 4.7 Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings, Second Edition, Dublin: Four Courts Press, 2001, ISBN 9781851821969
- ↑ 5.0 5.1 5.2 Kathleen Hughes, "The church in Irish society, 400–800, in Dáibhí Ó Cróinín (eag.), A New History of Ireland Vol I: Prehistoric and Early Ireland, Oxford University Press, 2005, ll. 306–308
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M378-405
- ↑ 7.0 7.1 7.2 7.3 7.4 7.5 Foras Feasa ar Éirinn, CELT (1.48, 1.49, 1.50, 51, 52)
- ↑ 8.0 8.1 8.2 8.3 8.4 T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946
- ↑ 9.0 9.1 Tom Peete Cross & Clark Harris Slover (eag.), "The Adventures of the Sons of Eochaid Mugmedon", Ancient Irish Tales, 1936, ll. 508–513
- ↑ Echtra Mac nEchach, aistr. Le John Carey, in The Celtic Heroic Age: Literary Sources for Ancient Celtic Europe & Early Ireland & Wales, eag. Le John T. Koch agus John Carey, Celtic Studies Publications, 1, 4ú eagrán (Aberystwyth: Celtic Studies Publications, 2003), ll. 203–208.
- ↑ 11.0 11.1 11.2 "The Death of Crimthann son of Fidach"
- ↑ 12.0 12.1 James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, 1998, ll. 305–306
- ↑ R. A. Stewart MacAlister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 349
- ↑ 14.0 14.1 Tom Peete Cross & Clark Harris Slover (eags.), "The Death of Niall of the Nine Hostages", Ancient Irish Tales, 1936, ll. 514–517
- ↑ Faughan Hill ar logainm.ie
- ↑ Edward Gwynn (eag. & aistr.), "Ochan", The Metrical Dindshenchas, Iml. 2, 1906, ll. 37–41
- ↑ Byrne, 2001.
Réamhtheachtaí Crimthann mac Fidaig |
Ard-Rí na hÉireann FFÉ 368–395 ACM 378–405 |
Comharba Nath Í |