Micheál Ó hEidhin
Múinteoir agus ceoltóir (agus cigire ceoil i scoileanna na hÉireann) ab ea Mícheál Ó hEidhin. Rugadh i gConamara sa bhliain 1938 é. Fuair sé bás ar an 29 Eanáir 2012.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1938 |
Bás | 29 Eanáir 2012 73/74 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | údar |
Teangacha | An Ghaeilge |
Tógadh Micheál i gceantar na Doiriú, Ros a Mhíl i dteaghlach ceolmhar. Chaith sé tamall ina dhalta i nGaoth Dobhair leis an múinteoir clúiteach Seán 'ac Fhionnlaoich as Gabhla. Fuair sé céim san eolaíocht ach ina dhiaidh sin rinne sé staidéar ar an cheol i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh faoin ollamh Aloys Fleishmann, bhí Pilip Ó Laoghaire aige mar mhúinteoir córacha, agus fuair sé post mar chigire ceoil i gCoiste Garmoideachais na Gaillimhe.
Chuir sé tús le dioplóma teagaisc Chomhaltas Ceoltóirí Éireann sa bhliain 1980.
Bhí sé ina stiúrthóir ceoil le RTÉ agus ina mholtóir i gcomórtais Oireachtais agus Slógadh ó 1969 ar aghaidh. Spreag sé siollabas sa cheol traidisiúnta do Chomhaltas agus d'Acadamh Ríoga Ceoil na hÉireann i 1998.
Bhí sé pósta agus seisear clainne air.
Foilseacháin
cuir in eagar- Cas Amhran
- Amhran do Cholaisti
- Ceol don Chor
- Déan Rince
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó hEIDHIN, Micheál (1938–2012) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.