Meáirt Churraoin
file Éireannach
File Éireannach as na hAille, Indreabhán i gConamara ab ea Meáirt Churraoin (1913–1999). Chaith sé a shaol ag scríobh filíochta agus agallaimh bheirte a bhuaigh duaiseanna ag Oireachtas na Gaeilge cé nár ghlac sé páirt sna comórtais é féin.[1] Bhí an imirce agus an deoraíocht lárnach ina chuid oibre.[2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 12 Nollaig 1913 Na hAille, Éire |
Bás | 1999 85/86 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Sailearna Coláiste Cholmcille |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file |
Teangacha | An Ghaeilge |
Mac le Pádraig Ó Curraoin as na hAille agus Nóra Ní Choisdealbha as an gCaorán a bhí ann. D'fhreastail sé ar Scoil Sailearna agus Coláiste Cholmcille in Indreabhán. Phós sé Mairéad (Peige) Ní Shúilleabháin as Cuan na Loinge ar an 13 Feabhra 1961 agus bhí ochtar clainne acu.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.
- ↑ 2.0 2.1 Ní Thuairisg, Aislinn (2018). "Meáirt Churraoin". Dáta rochtana: 2024-02-01.