Mary Kenneth Keller
Bean rialta Chaitliceach Rómhánach Meiriceánach, oideoir agus ceannródaí san eolaíocht ríomhaireachta a bhí in Mary Kenneth Keller B.V.M. (t. 1913 – 10 Eanáir 1985). Ar 7 Meitheamh 1965, in éineacht le Irving Tang in Ollscoil Washington, bronnadh an chéad dochtúireacht san ábhar sin sna Stáit Aontaithe uirthi. Thuill sí a céim ó Ollscoil Wisconsin-Madison. Inductive Inference on Computer Generated Patterns teideal a téis dochtúireachta.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Evelyn Marie Keller 17 Nollaig 1913 Cleveland, Ohio |
Bás | 10 Eanáir 1985 71 bliana d'aois Dubuque, Iowa |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Wisconsin–Madison - céim dochtúireachta (1962–1965) Ollscoil Clarke Ollscoil DePaul Coláiste Mundelein |
Comhairleoir dochtúireachta | Preston C. Hammer |
Áit chónaithe | Dubuque |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ríomheolaíocht |
Gairm | eolaí ríomhaireachta, siúr, múinteoir ollscoile, matamaiticeoir |
Fostóir | Ollscoil Clarke |
Ball de | |
Ord crábhaidh | Daughters of Charity of Saint Vincent de Paul (en) |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
A saol
cuir in eagarRugadh Keller in Ohio sa bhliain 1913 nó 1914. Chuaigh sí isteach san ord úd Siúracha Carthanachta an Mhaighdean Mhuire Beannaithe sa bhliain 1932.[1] Thug sí a móideanna crábhaidh mar bhall de na Siúracha sa bhliain 1940.[2] Bhain sí céim baitsiléara san eolaíocht amach sa bhliain 1943 agus céim mhaistir eolaíochta sa bhliain 1953 in Ollscoil DePaul.
Sa bhliain 1958, thosaigh Keller ag obair i gceardlann an National Science Foundation san ionad ríomhaireachta i gColáiste Dartmouth, ionad a bhí teoranta ag an am do na fir.[3] Bhí sí páirteach ansin i bhforbairt na teanga ríomhchlárúcháin BASIC.[4][5]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "First Female Ph.D in Computer Science Was a Nun". Real Clear Science.
- ↑ "CS Prof From Iowa Was a 'Heroine of Computing' -- and a Nun".
- ↑ "Sisters of Charity of the Blessed Virgin Mary - BVM News". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-09-02. Dáta rochtana: 2017-08-09.
- ↑ Gürer, Denise (June 2002). "Pioneering Women in Computer Science". Communications of the ACM 38: 45–54. doi: .
- ↑ "Additional Information for "Who Earned First Computer Science PhD?"". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2 Aibreán 2015. Dáta rochtana: 9 Lúnasa 2017.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |